Dáil debates
Thursday, 23 March 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas trí Ghaeilge
11:40 am
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá a fhios agam an obair atá ar siúl san áit seo ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Ní hamháin sin ach bhuail mé leis na tuistí ón bhfeachtas seo freisin. Mar a dúirt mé, ag an bpointe seo táimid ag obair ar pholasaí nua chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus mar sin de a chur chun cinn agus ní hamháin sin ach iad a neartú. Táim sásta go gcoimeádfaimid an cheist seo ó thaobh an Ghaelcholáiste faoi athbhreithniú. Tuigim an scéal agus an méid oibre atá ar siúl ar fud na háite ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim na pointí agus an dearcadh atá ag na tuistí agus ag na múinteoirí, foireann na scoile agus na daltaí ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh Gaelcholáiste a chur chun cinn. Táim sásta an cheist seo a choimeád faoi athbhreithniú.
No comments