Dáil debates
Thursday, 23 March 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas trí Ghaeilge
11:40 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
An fhadhb is mó leis an rud a choimeád faoi athbhreithniú ná gach uile bhliain go mbeidh páistí sa cheantar seo nach bhfuil aon bhealach acu teacht ar mheánscolaíocht trí Ghaeilge mar nach bhfuil an Stát tar éis aon phleanáil chuí a dhéanamh. Tá a fhios ag an Stát ó rang a haon nó fiú ó rang na leanaí go bhfuil na páistí seo ag freastal ar scoileanna lán-Gaeilge. Tá a fhios ag an Stát le tamall maith de bhlianta anuas go bhfuil Coláiste Eoin, Coláiste Íosagáin agus Coláiste an Phiarsaigh lán go doras cheana féin agus nach bhfuil aon fháil ar spásanna sna coláistí sin. Tá an Rialtas ag diúltú do na páistí seo spás dóibh leanúint ar aghaidh. Ní chuireann sé sin fiú san áireamh na páistí atá ag freastal ar choláistí Béarla agus atá ag iarraidh casadh ar Ghaelscolaíocht ag an meánleibhéal. Ní fiú tráithnín a rá go bhfuil an rud seo faoi iniúchadh leanúnach. Tá sé sin ráite le 20 nó 30 bliain anuas.
Tá sé in am gníomhú anois. Cá bhfuil an Gaelcholáiste atá ag teastáil do na daltaí seo?
No comments