Dáil debates
Thursday, 23 March 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas trí Ghaeilge
11:50 am
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source
Faoi mar a dúirt mé, tuigim go bhfuil an feachtas don Ghaelcholáiste san áit seo faoi lánseol. Faoi mar a dúirt mé freisin, bhuail mé leis na tuistí maidir leis an gceist seo agus bhíos sásta é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé freisin, tá gá ag an Roinn polasaí nua a chur chun cinn. Táimid ag obair ag an bpointe seo ar an bpolasaí sin. Tá gach duine ag obair le chéile chun an polasaí sin a chur chun cinn. Is polasaí é ó thaobh na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht de agus go háirithe ó thaobh na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí de, conas iad a chur chun cinn agus a neartú. An méid atá á rá agam inniu nó go bhfuil mé sásta athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gceist seo ionas go mbeadh----
No comments