Dáil debates

Thursday, 23 March 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas trí Ghaeilge

11:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Na ceantair atá i gceist agam ná Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá seacht nGaelscoil ann agus beidh 128 nó 129 páiste i rang a sé ag fágáil na scoileanna sin ag deireadh mhí an Mheithimh. Níl spás dóibh siúd in aon Ghaelcholáiste sna ceantair sin - Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 - mar níl aon Ghaelcholáiste ann. Níl an Rialtas ag sásamh na cearta oideachais trí Ghaeilge atá ag na leanaí sin ar fad. Sna ceantair timpeall an cheantair sin, níl spás sna Gaelcholáistí. Níl ach trí cinn ann agus fiú dá gcuirfí síneadh leo sin, ní bheadh siad sásúil ná mór go leor chun an t-éileamh atá tuartha nó fiú an t-éileamh atá ann cheana féin a shásamh. Tá an Rialtas ag loiceadh ar chearta daonna agus cearta oideachais páistí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.