Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

31. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ós rud é go bhfuil an tAire ag cur an locht ar gach Roinn eile faoin moill ar chur i bhfeidhm straitéis agus titim úsáid na Gaeilge i gcoitinne, an mbunódh sí coiste tras-rannach a bheadh faoina stiúir chun na fadhbanna seo a réiteach. [20138/18]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le fada an lá táim ag teacht isteach anseo agus ag taispeáint fianaise don Aire maidir leis an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge ag an mbomaite seo. Tá cainteoirí laethúla tar éis titim sa daonáireamh agus tá an tóin tite amach as an mbuiséad ag Údarás na Gaeltachta, ag Foras na Gaeilge agus ag gach ceann de na heagraíochtaí eile freisin. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge caite isteach sa bhosca bruscair ag an bpointe seo. Tá an Plean Gníomhaíochta 2017 le spriocdháta atá sáraithe le breis is bliain. Tá an tAire i gcónaí ag díriú ar na Ranna eile mar gheall ar an bhfadhb seo. Nach bhfuil an tAire cosúil le Mayor Quimby sa chlár "The Simpsons" ag rá can somebody else do it? Cén fáth nach bhfuil an tAire ag glacadh freagracht as an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge sa tír?

6:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I dtús báire, níor mhiste liom a rá nach aontaím ar chor ar bith leis an ráiteas go bhfuil mise mar Aire Stáit ag cur an locht ar gach Roinn Stáit eile faoin moill ar cur i bhfeidhm na straitéise sin. Go deimhin, is a mhalairt ar fad atá fíor, is ar mo Roinn atá an freagracht uilig maidir leis an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhair le roinnt mór páirtithe lasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá clár oibre á cur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus foras eagraithe eile Stáit lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge comh maith le rian leathan eagraíochta Gaeilge chun cúram a dhéanamh i gcaitheamh an ama ar feidhmiú na straitéise. Tá sé ráite agam roimhe seo go n-aithním na cuinsídeacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le rian leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach, laistigh de na hachmhainní atá ar fáil. Maidir leis an gcoiste atá luaite ag an Teachta, is fiú a mheabhrú go bhfuil struchtúr ar leith maidir leis an straitéis bunaithe cheana féin agus nach bhfuil i gceist agam cur leis na structúir sin. San áireamh sna structúir sin, tá coiste comhairleach a bunaíodh in 2014 chun comhairle agus aiseolas a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Is mé atá mar chathaoirleach ar an gcoiste sin agus tá ionadaíocht ag na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta air. Tá sé i gceist agam cruinniú den choiste sin a ghairm sna seachtaine amach romhainn. Níor mhiste liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil bailchríoch á cur ag mo Roinn faoi láthair ar phlean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go dtí 2022 in a mbeidh spriocanna sonracha leagtha amach a bheidh aontaithe le páirtíthe leasmhara a bhfuil baint acu leis an scéal agus an freagracht orthu go deimhin ina leith os rud é gur straitéis tras-Ranna í.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fhadhb atá ann i ndáiríre ná go bhfuil an cur chuige atá ag an Rialtas mar gheall ar an nGaeilge maslach. Tá an Gaeilge in áit na leathphingine sa tír seo. Tá sin feicthe san méid titim atá tar éis teacht ar an mbuiséad. Níl aon earnáil ar chor ar bith sa Rialtas ag fáil an damáiste atá déanta don Ghaeilge. Má fheiceann duine ar aon rud a bhaineann leis an nGaeilge, níl freagracht ag an Aire Stáit. Chuir mé ceist air maidir le cé mhéad oifigigh Gaeilge atá sna húdaráis áitiúil. Ní raibh a fhios aige faoi sin ar chor ar bith: is le Roinn eile é sin. I ngach ceann de na hionaid ealaíon áitiúla, níl aon oifigeach Gaeilge ann ar chor ar bith. Níl aon oifigeach Gaeilge sa Broadcasting Authority of Ireland, BAI, atá i gceannas ar chraoltóireacht sa tír seo. Níl ach dhá uair de chláracha raidió chraolaithe ar raidió RTÉ féin sa tír seo. Uair amháin de nuacht atá aistrithe ó Béarla agus uair amháin athchraoladh atá ann. Sin an stáisiún is mó atá sa tír seo faoi bhráid agus tá 50 stáisiúin eile sa tír agus níl siad níos fearr ar chor ar bith ach ní baineann sé sin leis an Aire Stáit: baineann sé le hAire nó le hAire Stáit eile.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cúpla focal sciobtha. Tá comhairle iomlán de dhíth maidir leis an teanga agus tá na daoine i gcónaí ag labhairt fadúda an todhchaí agus is é sin an bealach ceart. Tá deacrachtaí ach chím na féidearthachtaí agus na deiseanna maidir leis an teanga. Mar shampla, cúpla seachtain ó shin bhí mé in Dublin Institute of Technology, DIT, ar an gcampas agus tá siadsan ag bogadh ar aghaidh le cúrsaí ar son an teanga. Tá athbheochan ag teacht sa tír fosta. Tá na daoine ag obair ar an gceangal idir an cultúr, an oidhreacht agus an teanga agus ní hamháin an teanga, ach trí na n-aontaithe a bhí bainte amach maidir leis an straitéis cúig bliana agus an plean gníomhaíochtaí cúig bliana. Tá aontaithe timpeall an Rialtais anois idir achan Roinn. Tá dualgas orainn sa Teach seo agus timpeall na tíre an teanga a bhogadh chun tosaigh agus táim dóchasach don todhchaí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid i gcónaí ag féachaint ar an horizon nuair a táimid ag caint leis an Aire Stáit anseo ach tá an aimsir láithreach uafásach tábhachtach ag an mbomaite. Anois, mar gheall ar an gComhairle Ealaíon, tugann siad 0.8% dá gcuid buiséad do ealaíon na Gaeltachta. Sin an méid is lú. Tá níos mó airgead faighte ag opera sa tír seo ná atá le fáil ó earnáil iomlán ealaíon na Gaeltachta agus an Gaeilge. Táimid ag caint leis an Aire Stáit le fada an lá mar gheall ar chúrsaí oideachais. Tá 25% de tuismitheoirí sa tír seo ag éileamh go mbeadh a gcuid páistí ag dul go dtí Gaelscoil. Níl ach 5% ag fáil é sin sa tír seo ach ag an am céanna níl an tAire Oideachais agus Scileanna in ann a fhógairt go mbeidh siad ag baint amach an sprioc sin ar chor ar bith. Tá siad fós ag fogrú go mbeidh níos lú ná 5% de na scoileanna nua ina Ghaelscoileanna. Tá sé thar ama anois go mbeadh freagracht ag an Aire Stáit mar gheall ar an nGaeilge agus as gach rud atá sa straitéis 20 bliain. Bailigh le chéile na Ranna eile agus bí ag obair ar an bplean céanna.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím le bheith ag dul ag obair ar an mbealach céanna. Sin an fáth a bhí cuid mór obair déanta maidir leis an comhobair idir na Ranna eagraithe agus na rannóg eagraithe fosta. Le bheith ionraic, tá rudaí difriúla ag dul ar aghaidh. Tá na daoine uilig ag labhairt fadúda an teanga, cén bealach is fearr atá ann, cén saghas caighdeán a bheith de dhíth ó na daoine a bheidh ag cruthú na fostaíochta sna réimse fostaithe agus an tseirbhís atá ar fáil sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh den Ghaeltacht, rud atá tábhachtach. Bhí an Teachta ag labhairt faoi na rudaí áille ins na Gaeltachtaí. Dé Sathairn seo chugainn beidh mé ag seoladh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus na daoine a bhí ag obair-----

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin-----

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag labhairt fadúda an athbheochan ag teacht agus bhí an Teachta ag labhairt fadúda an éileamh agus cúrsaí mar sin agus seirbhís a bheith ar fáil trí Ghaeilge sna Ranna difriúil. Sin an fáth a bhímid ag obair ar an bplean gníomhaíoch cúig bliana.

Question No. 32 replied to with Written Answers.