Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

6:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fhadhb atá ann i ndáiríre ná go bhfuil an cur chuige atá ag an Rialtas mar gheall ar an nGaeilge maslach. Tá an Gaeilge in áit na leathphingine sa tír seo. Tá sin feicthe san méid titim atá tar éis teacht ar an mbuiséad. Níl aon earnáil ar chor ar bith sa Rialtas ag fáil an damáiste atá déanta don Ghaeilge. Má fheiceann duine ar aon rud a bhaineann leis an nGaeilge, níl freagracht ag an Aire Stáit. Chuir mé ceist air maidir le cé mhéad oifigigh Gaeilge atá sna húdaráis áitiúil. Ní raibh a fhios aige faoi sin ar chor ar bith: is le Roinn eile é sin. I ngach ceann de na hionaid ealaíon áitiúla, níl aon oifigeach Gaeilge ann ar chor ar bith. Níl aon oifigeach Gaeilge sa Broadcasting Authority of Ireland, BAI, atá i gceannas ar chraoltóireacht sa tír seo. Níl ach dhá uair de chláracha raidió chraolaithe ar raidió RTÉ féin sa tír seo. Uair amháin de nuacht atá aistrithe ó Béarla agus uair amháin athchraoladh atá ann. Sin an stáisiún is mó atá sa tír seo faoi bhráid agus tá 50 stáisiúin eile sa tír agus níl siad níos fearr ar chor ar bith ach ní baineann sé sin leis an Aire Stáit: baineann sé le hAire nó le hAire Stáit eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.