Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

6:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I dtús báire, níor mhiste liom a rá nach aontaím ar chor ar bith leis an ráiteas go bhfuil mise mar Aire Stáit ag cur an locht ar gach Roinn Stáit eile faoin moill ar cur i bhfeidhm na straitéise sin. Go deimhin, is a mhalairt ar fad atá fíor, is ar mo Roinn atá an freagracht uilig maidir leis an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhair le roinnt mór páirtithe lasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá clár oibre á cur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus foras eagraithe eile Stáit lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge comh maith le rian leathan eagraíochta Gaeilge chun cúram a dhéanamh i gcaitheamh an ama ar feidhmiú na straitéise. Tá sé ráite agam roimhe seo go n-aithním na cuinsídeacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le rian leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach, laistigh de na hachmhainní atá ar fáil. Maidir leis an gcoiste atá luaite ag an Teachta, is fiú a mheabhrú go bhfuil struchtúr ar leith maidir leis an straitéis bunaithe cheana féin agus nach bhfuil i gceist agam cur leis na structúir sin. San áireamh sna structúir sin, tá coiste comhairleach a bunaíodh in 2014 chun comhairle agus aiseolas a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Is mé atá mar chathaoirleach ar an gcoiste sin agus tá ionadaíocht ag na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta air. Tá sé i gceist agam cruinniú den choiste sin a ghairm sna seachtaine amach romhainn. Níor mhiste liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil bailchríoch á cur ag mo Roinn faoi láthair ar phlean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go dtí 2022 in a mbeidh spriocanna sonracha leagtha amach a bheidh aontaithe le páirtíthe leasmhara a bhfuil baint acu leis an scéal agus an freagracht orthu go deimhin ina leith os rud é gur straitéis tras-Ranna í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.