Dáil debates
Wednesday, 9 May 2018
Other Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
5:55 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Le fada an lá táim ag teacht isteach anseo agus ag taispeáint fianaise don Aire maidir leis an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge ag an mbomaite seo. Tá cainteoirí laethúla tar éis titim sa daonáireamh agus tá an tóin tite amach as an mbuiséad ag Údarás na Gaeltachta, ag Foras na Gaeilge agus ag gach ceann de na heagraíochtaí eile freisin. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge caite isteach sa bhosca bruscair ag an bpointe seo. Tá an Plean Gníomhaíochta 2017 le spriocdháta atá sáraithe le breis is bliain. Tá an tAire i gcónaí ag díriú ar na Ranna eile mar gheall ar an bhfadhb seo. Nach bhfuil an tAire cosúil le Mayor Quimby sa chlár "The Simpsons" ag rá can somebody else do it? Cén fáth nach bhfuil an tAire ag glacadh freagracht as an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge sa tír?
No comments