Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:55 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

29. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna chun feabhas a chur ar ché na Reannaí ag Athphort ar oileán Árainn Mhór; an dtabharfaidh sí sonraí faoin bplean chun an togra a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19975/18]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh a fháil amach ón Aire caidé an dul chun cinn atá déanta maidir le cé a thógáil ag Reannach, Athphort ar oileán Árainn Mhór.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn thar na blianta don togra atá luaite ag an Teachta. Idir na blianta 2001 agus 2006, ceadaíodh deontais de luach €217,666 chun réamhthuarascáil a ullmhú maidir le forbairt na cé.

Sa bhliain 2008, cheadaigh mo Roinn deontas €240,185 chun a chumasú do Chomhairle Chontae Dhún na nGall innealtóirí comhairleacha a cheapadh don tionscadal. Bhí an dearadh, ullmhú doiciméid tairisceana agus lorg tairiscintí i measc na n-oibreacha a bhí le cur i gcrích ag an gcomhairle agus, mar chuid den togra, ba ghá ceadúnas urthrá a fháil ina leith chomh maith. Tuigtear do mo Roinn nach bhfuil an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gcomhairle contae. Tuigtear di chomh maith go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas ach go bhfuil costas níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis ag baint leis na suirbhéanna sin.

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinn ón gcomhairle chun cuidiú leo na costais breise sin a sheasamh ach má fhaigheann, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán i gcoitinne agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainní sin.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Cheann Comhairle, agus mé ag éisteacht leis an bhfreagra ón Aire, ní dóigh liom go bhfuil sé sin cruinn ar chor ar bith. Ón eolas atá agamsa, chuir Comhairle Contae Dhún na nGall iarratas chuig an Roinn an 22 Feabhra i mbliana, agus tá an tAire ag rá anois anseo sa Dáil nach bhfuair siad iarratas ar bith ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá a fhios agam, agus tá a fhios agam an stair fá dtaobh de seo, gur cuireadh airgead ar fáil chun go leor ullmhúcháin a dhéanamh maidir leis an gceist seo agus níl sé maith go leor nach bhfuil an t-eolas cruinn ag an Aire Gaeltachta a bhfuil freagracht aige as na hoileáin. Caithfear ceist a chur an bhfuil éinne i mBaile Átha Cliath ag caint le héinne thíos i nGaillimh fa dtaobh de seo. Ba cheart don Aire fiosrúchán a dhéanamh anois. Mar go bhfuil a fhios an an Aire, mar an rud atá de dhíth ag Comhairle Contae Dhún na nGall ná airgead chun cuidiú leo iarratas a chur chuig Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara fa choinne ceadúnas cladaigh. Is é sin an rud atá de dhíth agus ní féidir bogadh ar aghaidh gan é sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá iontas orm faoi sin, chun a bheith ionraic. Dá mbeadh iarratas istigh i mo Roinn, agus mura bhfuil na sonraí agamsa, níl é sin i gceart. B'fhéidir go bhfuil an t-iarratas istigh sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, níl a fhios agam. B'fhéidir go bhfuil na rudaí istigh i mo Roinn féin: níl sé ar mo bhord féin. Bhí mé i gcónaí ag labhairt leis na hoifigigh i gComhairle Contae Dhún na nGall agus tá siadsan ag déanamh sár-jab. Tá siadsan freagrach as na céanna. B'fhéidir go bhfuil bearna maidir leis an eolas agus na sonraí idir an Comhairle Contae agus an Roinn. Beidh me sásta le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na sonraí a bhaint amach. Beidh mé ar ais chuig an Teachta maidir leis sin.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé fíorthábhachtach go bhfaighidh mo dhuine anseo sa Dáil an fhírinne. Níl mé ag cur locht ar bith ar an Aire, ní hé an tAire a d'ullmhaigh an freagra a thug sé domsa. Is é an t-eolas atá agamsa, agus tá sé dubh agus bán, gur ar an 22 Feabhra go ndearnadh iarratas. B'fhéidir go ndéanfadh an tAire fiosrúchán fa dtaobh de sin. De réir an eolais atá agamsa, ceapaim go bhfuil thart faoi €80,000 de dhíth chun dul ar aghaidh leis seo. Thug an tAire féin cuairt ar an oileán agus go háirithe agus ar ché na Reannaí ag Athphort, agus tá sé fíorthábhachtach nach féidir leis na báid teacht i dtír ansin. Caithfidh siad dul go dtí an Leadhb Gharbh agus níl sé sin maith go leor. Tá na hoileánaigh ag brath ar an iascaireacht, níl ceadúnas le bradáin a thabhairt i dtír, ach tá gliomaigh, crúbaigh agus éisc gheala agus tá sé fíorthábhachtach go leanfar ar aghaidh leis seo. Ba mhaith liomsa go ndéanfadh an tAire fiosrúcháin fa dtaobh de seo agus go dtiocfaidh sé ar ais chugamsa. Tá a fhios agam i gceantar an oileáin, gur Aire na n-oileán chomh maith é an tAire, agus níl pingin rua le fáil do na bóithre áise. Tá na bóithre áise fíorthábhachtach agus caithfidh na treoirlínte a bheith solúbtha ionas go mbeidh siad in ann freastal orthu sin. Is iad siúd na treoirlínte maidir leis na local improvement schemes, LIS. Níl go leor solúbthachta ansin le haghaidh na n-oileán. B'shin ceist eile, agus tá súil agam go luath amach anseo go mbeidh an tAire ag cur airgead ar fáil do na bóithre contae. Ach ar a mhoille sin, ba cheart airgead a chur ar fáil do na bóithre áise.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gcéad ábhar, bheinn sásta an fiosrúchán a dhéanamh, agus tiocfaidh mé ar ais gan mhoill. Maidir leis na bóithre áise, an cheist bhreise, an bhfuil an Teachta chun imeacht-----

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-am thart.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na bóithre áise, táimse i gcónaí agus beidh mé i gceann leath uair ag labhairt le mo chuid oifigeach, agus táim ag amharc go dtí an t-am a bheidh cuidiú fa dtaobh na bóithre áitiúla áise fosta. Chomh maith leis sin tá éileamh bearna mhór maidir leis na rudaí LIS agus na bealaí nó na bóithre neamh-phríobháideacha nó poiblí.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Na bóithre contae.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an chéad cheist eile in ainm an Teachta Mattie McGrath ach níl sé anseo.

Question No. 30 replied to with Written Answers.