Dáil debates
Wednesday, 9 May 2018
Other Questions
Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe
5:55 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn thar na blianta don togra atá luaite ag an Teachta. Idir na blianta 2001 agus 2006, ceadaíodh deontais de luach €217,666 chun réamhthuarascáil a ullmhú maidir le forbairt na cé.
Sa bhliain 2008, cheadaigh mo Roinn deontas €240,185 chun a chumasú do Chomhairle Chontae Dhún na nGall innealtóirí comhairleacha a cheapadh don tionscadal. Bhí an dearadh, ullmhú doiciméid tairisceana agus lorg tairiscintí i measc na n-oibreacha a bhí le cur i gcrích ag an gcomhairle agus, mar chuid den togra, ba ghá ceadúnas urthrá a fháil ina leith chomh maith. Tuigtear do mo Roinn nach bhfuil an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gcomhairle contae. Tuigtear di chomh maith go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas ach go bhfuil costas níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis ag baint leis na suirbhéanna sin.
Níl aon iarratas faighte ag mo Roinn ón gcomhairle chun cuidiú leo na costais breise sin a sheasamh ach má fhaigheann, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán i gcoitinne agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainní sin.
No comments