Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:55 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé fíorthábhachtach go bhfaighidh mo dhuine anseo sa Dáil an fhírinne. Níl mé ag cur locht ar bith ar an Aire, ní hé an tAire a d'ullmhaigh an freagra a thug sé domsa. Is é an t-eolas atá agamsa, agus tá sé dubh agus bán, gur ar an 22 Feabhra go ndearnadh iarratas. B'fhéidir go ndéanfadh an tAire fiosrúchán fa dtaobh de sin. De réir an eolais atá agamsa, ceapaim go bhfuil thart faoi €80,000 de dhíth chun dul ar aghaidh leis seo. Thug an tAire féin cuairt ar an oileán agus go háirithe agus ar ché na Reannaí ag Athphort, agus tá sé fíorthábhachtach nach féidir leis na báid teacht i dtír ansin. Caithfidh siad dul go dtí an Leadhb Gharbh agus níl sé sin maith go leor. Tá na hoileánaigh ag brath ar an iascaireacht, níl ceadúnas le bradáin a thabhairt i dtír, ach tá gliomaigh, crúbaigh agus éisc gheala agus tá sé fíorthábhachtach go leanfar ar aghaidh leis seo. Ba mhaith liomsa go ndéanfadh an tAire fiosrúcháin fa dtaobh de seo agus go dtiocfaidh sé ar ais chugamsa. Tá a fhios agam i gceantar an oileáin, gur Aire na n-oileán chomh maith é an tAire, agus níl pingin rua le fáil do na bóithre áise. Tá na bóithre áise fíorthábhachtach agus caithfidh na treoirlínte a bheith solúbtha ionas go mbeidh siad in ann freastal orthu sin. Is iad siúd na treoirlínte maidir leis na local improvement schemes, LIS. Níl go leor solúbthachta ansin le haghaidh na n-oileán. B'shin ceist eile, agus tá súil agam go luath amach anseo go mbeidh an tAire ag cur airgead ar fáil do na bóithre contae. Ach ar a mhoille sin, ba cheart airgead a chur ar fáil do na bóithre áise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.