Dáil debates

Thursday, 30 April 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

9:50 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí ag lorg tairiscintí maidir le seirbhísí aeir go dtí Oileáin Árann, an mbeidh an leibhéal céanna seirbhísí ann agus atá ann faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16944/15]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag lorg tairiscintí maidir le seirbhísí aeir go dtí Oileáin Árann, an mbeidh an leibhéal céanna seirbhísí ann agus atá ann faoi láthair, cén dul chun cinn atá déanta aici, agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn ag lorg tairiscintí faoi láthair do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, tá bunleibhéal seirbhíse iarrtha don chonradh úr. Faoin iarratas ar thairiscintí, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.

Mar is eol don Teachta, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh, rinneadh athbhreithniú anuraidh ar riachtanas na seirbhíse aeir. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an chomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin.

I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe ó €800,000 in 2003 go €1.9 milliún in 2013, cé gur fhan líon na bpaisinéirí mórán mar a chéile le linn na tréimhse ag thart ar 40,000 paisinéir in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach ar airgead níos fearr a fháil don Státchiste. Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-iarratas ar thairiscintí a foilsíodh le déanaí. Tá spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh.

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá imní agus míshásamh ar mhuintir Oileáin Árann de bharr an chonartha chun seirbhís aeir a chur ar fáil d'Oileáin Árann. Tá an tseirbhís seo an-tábhachtach. An mbeidh an tAire sásta an conradh seo a tharraingt siar agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi sin? Tá ceisteanna ag na Teachtaí Éamon Ó Cuív agus Seán Kyne ar an ábhar seo freisin agus bhí caint air ar chlár Vincent Brown seachtain ó shin. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an tseirbhís ar an chaighdeán céanna agus a bhí sí cheana maidir le minicíocht na seirbhíse agus chostais do na hoileánaigh. Tá an costas sin an-tábhachtach. Cén leibhéal seirbhíse atá i gceist? Cén suim atá ann chun an tseirbhís sin a choinneáil? Is dócha go bhfuil an tAire ag iarraidh daoine a fháil chun an tseirbhís sin a chur ar fáil.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím gurb é an rud is tábhachtaí ná an ceangal idir an mórthír agus Oileáin Árann. Bhí na Teachtaí Derek Nolan agus Seán Kyne i dteagmháil liom agus d'ardaigh comhghleacaí an Teachta Kitt, an Teachta Éamon Ó Cuív, an cheist le déanaí freisin. Is léir go bhfuil próiseas foirmiúil agus próiseas beo ar siúl faoi láthair. Beidh toradh againn ar an 8 Meitheamh. Níor mhaith liom cur isteach ar an phróiseas. Ní bheadh sé sin ceart. Muna bhfuil fadhb i ndiaidh an phróisis, b'fhéidir go mbeidh seans ann do mo Roinn obair le mo chomhghleacaithe agus muintir na háite, ach tá próiseas ar siúl faoi láthair. Rinne an comhlacht EY athbhreithniú maidir le rialacháin an Aontais Eorpaigh agus cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne anuraidh. Táim tiomanta do mhuintir na hoileán agus don tseirbhís aeir sna blianta atá romhainn.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tAire Stáit ag caint mar gheall ar dhátaí, mhíonna, bhlianta, athbhreithniú agus an Eoraip. Tá sé ag caint faoi gach rud ach amháin an cheist a chur mé air maidir le seirbhís fadtéarmach. Ní gá bheith ag rá liom go mbeidh sé ann ar feadh bliain eile. Caithfimid a bheith cinnte go mbeidh seirbhís ann d'Oileáin Árann san fhadtéarma, do na hoileánaigh sa chéad dul síos, ach tá cúrsaí turasóireachta an-tábhachtach freisin. Sna míonna atá ag teacht, beidh níos mó daoine ag taisteal go hOileáin Árann. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire Stáit ag éisteacht le muintir Oileáin Árann mar níl freagra á thabhairt domsa inniu. Baineann an cheist le cúrsaí sláinte agus oideachais freisin. Braitheann na rudaí sin go léir ar thaisteal go hOileáin Árann. Céard a cheapann an tAire Stáit faoin suim atá ann chun an tseirbhís aeir sin a chur ar fáil?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag éisteacht agus táim ag obair go dian ar an cheist seo. Bhí cruinniú ag na Teachtaí Derek Nolan agus Seán Kyne le hoifigigh i mo Roinn Dé hAoine seo a chuaigh thart. Níl mo thiomantas i gceist maidir leis an ábhar seo. D'ardaigh an Teachta Kitt ceisteanna sláinte, oideachais, ghnó agus turasóireachta. Tá siad sin iontach tábhachtach agus tá an tiomantas ann i ndiaidh an phróisis fosta, ó 2015 go 2019, le haghaidh ceithre bliana. Tá an tiomantas ann faoi choinne an cheangail idir an mórthír agus Oileáin Árann ach tá an próiseas foirmiúil fós ar siúl agus níor mhaith liom, mar Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir leis an Ghaeltacht, cur isteach ar an phróiseas sin. Muna bhfuil fadhbanna nó ceisteanna eile i gceist i ndiaidh an 8 Meitheamh, b'fhéidir go mbeidh seans ann obair le chéile ar an cheist seo. Is léir go bhfuil próiseas beo foirmiúil ar siúl faoi láthair agus níor mhaith liom cur isteach air.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an Teachta McHugh an tAire Stáit ag deireadh an lae.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus tá próiseas ann.

Photo of Seán BarrettSeán Barrett (Dún Laoghaire, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceist a 5. The Deputy is not present, so we will move on to Question No. 6.

Question No. 5 replied to with Written Answers.