Dáil debates
Thursday, 30 April 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
10:00 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Táim ag éisteacht agus táim ag obair go dian ar an cheist seo. Bhí cruinniú ag na Teachtaí Derek Nolan agus Seán Kyne le hoifigigh i mo Roinn Dé hAoine seo a chuaigh thart. Níl mo thiomantas i gceist maidir leis an ábhar seo. D'ardaigh an Teachta Kitt ceisteanna sláinte, oideachais, ghnó agus turasóireachta. Tá siad sin iontach tábhachtach agus tá an tiomantas ann i ndiaidh an phróisis fosta, ó 2015 go 2019, le haghaidh ceithre bliana. Tá an tiomantas ann faoi choinne an cheangail idir an mórthír agus Oileáin Árann ach tá an próiseas foirmiúil fós ar siúl agus níor mhaith liom, mar Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir leis an Ghaeltacht, cur isteach ar an phróiseas sin. Muna bhfuil fadhbanna nó ceisteanna eile i gceist i ndiaidh an 8 Meitheamh, b'fhéidir go mbeidh seans ann obair le chéile ar an cheist seo. Is léir go bhfuil próiseas beo foirmiúil ar siúl faoi láthair agus níor mhaith liom cur isteach air.
No comments