Dáil debates
Thursday, 30 April 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
10:00 am
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá an tAire Stáit ag caint mar gheall ar dhátaí, mhíonna, bhlianta, athbhreithniú agus an Eoraip. Tá sé ag caint faoi gach rud ach amháin an cheist a chur mé air maidir le seirbhís fadtéarmach. Ní gá bheith ag rá liom go mbeidh sé ann ar feadh bliain eile. Caithfimid a bheith cinnte go mbeidh seirbhís ann d'Oileáin Árann san fhadtéarma, do na hoileánaigh sa chéad dul síos, ach tá cúrsaí turasóireachta an-tábhachtach freisin. Sna míonna atá ag teacht, beidh níos mó daoine ag taisteal go hOileáin Árann. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire Stáit ag éisteacht le muintir Oileáin Árann mar níl freagra á thabhairt domsa inniu. Baineann an cheist le cúrsaí sláinte agus oideachais freisin. Braitheann na rudaí sin go léir ar thaisteal go hOileáin Árann. Céard a cheapann an tAire Stáit faoin suim atá ann chun an tseirbhís aeir sin a chur ar fáil?
No comments