Dáil debates
Thursday, 30 April 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
10:00 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Aontaím gurb é an rud is tábhachtaí ná an ceangal idir an mórthír agus Oileáin Árann. Bhí na Teachtaí Derek Nolan agus Seán Kyne i dteagmháil liom agus d'ardaigh comhghleacaí an Teachta Kitt, an Teachta Éamon Ó Cuív, an cheist le déanaí freisin. Is léir go bhfuil próiseas foirmiúil agus próiseas beo ar siúl faoi láthair. Beidh toradh againn ar an 8 Meitheamh. Níor mhaith liom cur isteach ar an phróiseas. Ní bheadh sé sin ceart. Muna bhfuil fadhb i ndiaidh an phróisis, b'fhéidir go mbeidh seans ann do mo Roinn obair le mo chomhghleacaithe agus muintir na háite, ach tá próiseas ar siúl faoi láthair. Rinne an comhlacht EY athbhreithniú maidir le rialacháin an Aontais Eorpaigh agus cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne anuraidh. Táim tiomanta do mhuintir na hoileán agus don tseirbhís aeir sna blianta atá romhainn.
No comments