Dáil debates

Thursday, 30 April 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

9:50 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn ag lorg tairiscintí faoi láthair do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, tá bunleibhéal seirbhíse iarrtha don chonradh úr. Faoin iarratas ar thairiscintí, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.

Mar is eol don Teachta, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh, rinneadh athbhreithniú anuraidh ar riachtanas na seirbhíse aeir. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an chomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin.

I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe ó €800,000 in 2003 go €1.9 milliún in 2013, cé gur fhan líon na bpaisinéirí mórán mar a chéile le linn na tréimhse ag thart ar 40,000 paisinéir in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach ar airgead níos fearr a fháil don Státchiste. Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-iarratas ar thairiscintí a foilsíodh le déanaí. Tá spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.