Dáil debates

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge

2:40 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

56. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le húsáid na Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre; cén cúnamh atá á thabhairt ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44629/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Aithnítear sa straitéis féin an gá atá le cur chuige céimnithe chun na bearta éagsúla atá luaite inti a bhaint amach. I gcomhréir leis an cur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm ar bhealach córasach taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair.

Ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór i láthair na huaire agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála an tseachtain seo caite, beidh beagnach €40 milliún le caitheamh ag mo Roinnse in 2014 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus beidh os cionn €38 milliún le caitheamh ar ghnóthaí Thuaidh-Theas. Ní miste a rá gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, i gcás na mbuiséad Thuaidh-Theas. Sa chomhthéacs seo, ní miste a rá go gcuirim fáilte ar leith roimh an €500,000 atá curtha ar fáil i cháinaisnéis 2014 mar allúntas ar leith don straitéis. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gclár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.

Cé go bhfuil cuspóirí uaillmhianacha luaite sa straitéis chun úsáid na Gaeilge a mhéadú, ní miste a aithint go bhfuilimid ag dul sa treo ceart agus méadú tagtha ó 1.66 milliún duine go 1.77 milliún duine idir daonáireamh 2006 agus daonáireamh 2011 ar líon iomlán na ndaoine a dúirt go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt.

Mar is eol don Teachta, tá cur i bhfeidhm na straitéise agus cur chun cinn na Gaeilge fite fuaite trí ghníomhaíochtaí mo Roinne agus áisíneachtaí ábhartha mo Roinne, is iad sin Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Maidir le Bliain na Gaeilge 2013, is tionscnamh é seo atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge i mbliana mar chomóradh ar bhunú na heagraíochta sin 120 bliain ó shin. Tá deontas forbartha de €25,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge don tionscnamh agus tá urraíocht tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chlár oibre an tionscnaimh sa Ghaeltacht. Tuigtear dom go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis na himeachtaí éagsúla atá eagraithe faoi scáth an tionscnaimh.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'árdaigh mé an cheist seo mar gheall ar chruinniú a bhí againn den coiste ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta ar an 3 Deireadh Fómhair trí sheachtain ó shin. Bhí díospóireacht againn faoi bratach Gaelach sna scoileanna. An cheist atá agam ná cén tacaíocht atá á thabhairt ag an Roinn don Ghaelbhratach agus do Bhliain na Gaeilge 2013? Cén fáth freisin ar thug an Aire Stáit €500,000 don straitéis 20 bliain ach go bhfuil gearradh siar de €1.3 milliún sa Roinn don Ghaeilge? Mar sin, tá níos mó airgid á tharraingt siar sa Roinn ná mar atá á chaiteamh. An bhfuil an Roinn ag tabhairt tacaíochta do bhliain na Gaeilge, don straitéis agus don Ghaelbhratach? Is scéim í an Gaelbhratach atá cosúil leis an mbrat glas atá ag feidhmiú sna bunscoileanna agus na meánscoileanna.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le Bliain na Gaeilge agus an cuidiú atá á chur ar fáil ag an Roinn, déantar é trí Fhoras na Gaeilge agus trí Údaras na Gaeltachta. Mar adúirt mé, tá €25,000 curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge agus, ar ndóigh, tá an t-údarás páirteach, leis an conradh, maidir le comóradh na bliana sin sna ceantair Gaeltachta. Maidir le tacaíocht do na scoileanna, tá an Roinn an-ghníomhach ar fad ag cur tacaíochta ar fáil dóibh, go mórmhór na scoileanna sa Ghaeltacht. Déantar seo ar chúpla slí. Ceann de na slite a dhéantar é seo ná trí na cúntóirí teanga, atá á chur ar fáil i ngach scoil sa Ghaeltacht. Sílim gur scéim fhiúntach í seo agus tá ag éirí léi de réir na tuairiscí atá ag teacht ó thuismitheoirí agus ó mhúinteoirí atá páírteach sa scéim seo sna Gaeltachtaí. Tá áthas orm sa bhliain reatha go raibh ar ár gcumas méadú de €150,000 a chur leis an scéim sin.

Is cinnte go bhfuil gearrthacha de breis agus €1 milliún i ngach Roinn. Tá dúshláin ansin, ach táim iontach dóchasach gur féidir linn tabhairt faoi na dúshláin seo agus na deacrachtaí a réiteach san am amach romhainn.

2:50 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gearradh siar ar an méid airgid ón Roinn agus tá gearradh siar freisin ar mhaoiniú d'Údarás na Gaeltachta, cé go bhfuil cúram fiontraíochta tábhachtach ag an údarás. An aontaíonn an Aire Stáit go bhfuil sé tábhachtach úsáid na Gaeilge a spreagadh trí tacaíocht a thabhairt don údarás? An bhfuil sé sásta nach bhfuil ísliú céime tugtha don údarás maidir le fostaíocht agus le húsáid na Gaeilge a spreagadh? Tá sé an-tábhachtach postanna a chur ar fáil agus go mbeidh seans ag muintir na Gaeltachta postanna a fháil agus an Ghaeilge a úsáid agus a spreagadh ar fud na tíre.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cinnte go bhfuil obair thábhachtach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sin le fostaíocht agus obair a chur ar fáil. Is cinnte freisin go bhfuil dualgais breise ar an údarás anois - le Acht na Gaeltachta 2012 - mar go mbeidh sé mar chúram agus mar fhreagracht air na scéimeanna teanga a fheidhmiú sna ceantair Gaeltachta. Sin an fáth gur éirigh linn €500,000 breise a fháil, le díriú isteach agus le cuidiú a thabhairt don údarás agus do na ceantair Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú scéimeanna teanga - trí chinn i mbliana idir seo agus deireadh na bliana agus deich gcinn eile an bhliain seo chugainn.

Maidir le Údarás na Gaeltachta, is cinnte gur tháinig titim mór ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Mar shampla, i 2008, bhí €26 mhilliún ag Údarás na Gaeltachta mar dheontas caipitil. Thit sin an bhliain ina dhiaidh sin go dtí €16 mhilliún. I 2010 bhí sé anuas go €10 milliún agus i 2011 bhí sé ag €6 mhilliún. D'éirigh linn é a choinneáil ag sin, beag nó mór, ó shin, ach is cinnte i mbliana go bhfuil sé ag €5.7 milliún, ach beidh acmhainní dá chuid féin ag an údarás chomh maith. De réir mar a thuigim, beidh €2.4 mhilliún nó €2.5 mhilliún aige, rud a fhágann go mbeidh beagnach €8 milliún de chaiteachas caipitil ag an údarás. Tá mé dóchasach gur féidir leis an sprioc atá aige - 400 post a chruthú - a bhaint amach don bhliain amach romhainn.