Dáil debates

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scoileanna Gaeltachta

2:55 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

57. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta ó thaobh thacaíocht a Roinne de. [44626/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta, nó ESG mar a thugtar air, sa bhliain 1987 mar bhrateagraíocht chun cabhair, treoir agus tacaíocht a sholáthar do bhunscoileanna agus d'iarbhunscoileanna Gaeltachta agus chun abhcóideacht a dhéanamh thar a gceann maidir le hábhair chomónta a bhaineann leo. Ón bhliain 2007 i leith, tá os cionn €780,000 ceadaithe ag mo Roinn don eagraíocht. I dtreo dheireadh 2011, bhí mo Roinn ar an eolas go raibh plé ag dul ar aghaidh idir Gaelscoileanna Teoranta agus ESG maidir leis an dá eagraíocht a chónascadh. Bhí an maoiniú a thug mo Roinn d'ESG in 2012 agus in 2013 coinníollach ar an gcónascadh sin a bheith ag tarlú. Tuigtear dom nach bhfuil an cónascadh sin ag dul ar aghaidh ag an bpointe seo. Dá bhrí sin, tiocfaidh deireadh le maoiniú mo Roinne d'ESG ag deireadh na bliana seo. Tuigtear dom fosta go bhfuil ESG ag breathnú ar an eagraíocht a scor.

San aeráid eacnamaíoch reatha, tá sé níos tábhachtaí ná riamh an éifeachtúlacht is fearr a bhaint as allúntas an Státchiste. Sa chomhthéacs seo, ní miste cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar an 10 Iúil a nótáil, nuair a rinneadh na socruithe nua maoinithe a thiocfaidh i gcomharbacht ar mhúnla bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge a fhaomhadh. Faoi na socruithe nua maoinithe de chuid an fhorais, beidh sé eagraíocht cheannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus ag seachadadh tosaíochtaí straitéiseacha ar leith, lena n-áirítear tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Tá sé beartaithe go mbeidh an eagraíocht cheannais a bheidh ag plé leis an tosaíocht seo ag freastal ar scoileanna Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní miste a nótáil gur féidir le haon eagraíocht ar bith iarratas a dhéanamh ar an phróiseas léirithe suime atá fógartha ag Foras na Gaeilge ar a suíomh gréasáin, .

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Aire Stáit, cuireadh in iúl d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go dtiocfadh deireadh lena gcuid maoinithe i mí na Nollag na bliana seo caite agus, mar gheall ar sin, go dtiocfadh deireadh leis an eagraíocht féin. Níl dabht ar bith fá dtaobh de go bhfuil go leor imní ar phobal na Gaeltachta ó thaobh an ábhar seo. Is mór an buille do chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht é. Ní mór dom a rá leis an Aire Stáit go bhfuil difear idir oideachas sa Ghaeltacht agus oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá cur chuige ar leith ag teastáil i gcás oideachas sa Ghaeltacht. Rinne an Aire Stáit trácht ar an gcónascadh a bhí le tarlú idir Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta. Tá sé ag iarraidh a chur ina luí nach raibh faic tarluithe idir an dá eagras, ach bhí go leor tarluithe mar go raibh go leor plé ar an gceist eatarthu agus go leor dul chun cinn déanta. De réir tuairiscí ó lucht na heagraíochta, bhí sé de dhualgas ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge na céad céimeanna eile a thógáil. Tá sé ráite go poiblí acu go raibh an Roinn agus an foras ag tarraingt a cos ar an gcónascadh. Tá an dá eagras seo ar tí aontú a shroichint. Tá an cumadh air go bhfuil an tAire Stáit i ndiadh an brat a bhaint óna gcos. Má leanann sé ar aghaidh mar seo, caithfear go leor saineolais a fháil fá dtaobh de déileáil le hoideachas sa Ghaeltacht. Ba chóir don Aire Stáit ról tógála a ghlacadh, in áit an ról gearrthéarmach agus gearr-radharcach atá á ghlacadh aige ar an gceist seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, bhí tuiscint ann ó bhí 2011 ann go mbeadh comhtháthú idir an dá eagraíocht - Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe agam go pearsanta le hionadaithe ón eagraíocht. Bhí an tuiscint sin eadrainn. Níl sé fíor a rá go raibh sé de chúram nó de fhreagracht ar mo Roinn nó ar aon Roinn eile iad a thabhairt le chéile. Bhí sé fágtha fúthu féin. Tá sé soiléir anois nach raibh sé sin chun tarlú, ach tharla rudaí eile idir an dá linn. Glacadh céim mhór ar aghaidh maidir le oideachas trí Ghaeilge ar an 10 Iúil, nuair a shocraíodh go mbeidh ceann de na heagraíochtaí ceannais a thiocfaidh i bhfeidhm faoin gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag plé le oideachas Ghaeilge ar fud na tíre ar fad, Thuaidh agus Theas, Gaeltacht agus Galltacht. Dála an scéil, níl aon rud ag cur bac ar na scoileanna Gaeltachta cur isteach ar an eagraíocht ceannais sin. Níl fáth ar bith nach mbeidís ábalta aon eolas atá acu a chur ar fáil don eagraíocht úr uile-oileánda a bheidh ag plé le oideachas trí Ghaeilge sa tír seo.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an tAire Stáit arís na socruithe nua maoinithe a bhaineann le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ní eagraíocht bunmhaoinithe í Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta sa chiall is a bhí sé i gceist leis na heagraíochtaí eile. Tá an eagraíocht ag brath ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, seachas ar an bhforas, don chuid is mó dá gcuid maoinithe. Fiú ag fágáil an cheist sin ar leataobh, bhí daoine ar an taobh istigh ar an eolas agus ar an tuiscint go mbeadh ceannáras i gceist a bheadh freagrach as oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní raibh aon trácht ar oideachas sa Ghaeltacht a bheith faoi bhun an tsainréim seo. An athrú é seo ar critéir na sainréimithe? An raibh plé ag an Aire Stáit leis an Aire ó Thuaidh? An raibh plé aige leis an bhforas ó thaobh bheith freagrach ar oideachas sa Ghaeltacht, nó ó thaobh todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí plé agam leis an tAire ó Thuaidh. Bíonn roinnt cruinnithe againn gach bliain i gcomhthéacs an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Shocraigh muid go ndéanfar laghdú ó 19 go sé ar líon na heagraíochtaí bunmhaoinithe, agus go mbeadh ceann de na heagraíochtaí ceannais sin freagrach as oideachas trí Ghaeilge. Sílim gur céim ar aghaidh é go mbeidh eagraíocht ag déanamh ionadaíocht ó Thuaidh agus ó Theas anois, agus í freagrach as oideachas trí Ghaeilge a sholáthar. Beidh an eagraíocht ábalta úsáid a bhaint as an eolas atá acu ó Thuaidh agus an eolas atá againn ó Theas. Beimid uilig comhtháite le chéile. Is féidir le heagraíocht mhór amháin níos mó oibre a dhéanamh ná na heagraíochtaí a bhí ann go dtí seo. Is dul chun cinn riachtanach é sin ag an bpointe seo. Sílim gur céim ar aghaidh í. Tá áthas orm gur éirigh linn teacht ar comhthuiscint den chineál sin Thuaidh agus Theas. Tá mé iontach dóchasach go dtiocfaidh feabhas dá bharr sin ar chúrsaí oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

3:05 pm

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

That completes the questions nominated for priority. I gave bonus time there, as in the leaving certificate. We will move on to Question No. 58 in the name of Deputy Ellis.