Dáil debates

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scoileanna Gaeltachta

2:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, bhí tuiscint ann ó bhí 2011 ann go mbeadh comhtháthú idir an dá eagraíocht - Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe agam go pearsanta le hionadaithe ón eagraíocht. Bhí an tuiscint sin eadrainn. Níl sé fíor a rá go raibh sé de chúram nó de fhreagracht ar mo Roinn nó ar aon Roinn eile iad a thabhairt le chéile. Bhí sé fágtha fúthu féin. Tá sé soiléir anois nach raibh sé sin chun tarlú, ach tharla rudaí eile idir an dá linn. Glacadh céim mhór ar aghaidh maidir le oideachas trí Ghaeilge ar an 10 Iúil, nuair a shocraíodh go mbeidh ceann de na heagraíochtaí ceannais a thiocfaidh i bhfeidhm faoin gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag plé le oideachas Ghaeilge ar fud na tíre ar fad, Thuaidh agus Theas, Gaeltacht agus Galltacht. Dála an scéil, níl aon rud ag cur bac ar na scoileanna Gaeltachta cur isteach ar an eagraíocht ceannais sin. Níl fáth ar bith nach mbeidís ábalta aon eolas atá acu a chur ar fáil don eagraíocht úr uile-oileánda a bheidh ag plé le oideachas trí Ghaeilge sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.