Dáil debates

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge

2:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Aithnítear sa straitéis féin an gá atá le cur chuige céimnithe chun na bearta éagsúla atá luaite inti a bhaint amach. I gcomhréir leis an cur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm ar bhealach córasach taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair.

Ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór i láthair na huaire agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála an tseachtain seo caite, beidh beagnach €40 milliún le caitheamh ag mo Roinnse in 2014 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus beidh os cionn €38 milliún le caitheamh ar ghnóthaí Thuaidh-Theas. Ní miste a rá gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, i gcás na mbuiséad Thuaidh-Theas. Sa chomhthéacs seo, ní miste a rá go gcuirim fáilte ar leith roimh an €500,000 atá curtha ar fáil i cháinaisnéis 2014 mar allúntas ar leith don straitéis. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gclár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.

Cé go bhfuil cuspóirí uaillmhianacha luaite sa straitéis chun úsáid na Gaeilge a mhéadú, ní miste a aithint go bhfuilimid ag dul sa treo ceart agus méadú tagtha ó 1.66 milliún duine go 1.77 milliún duine idir daonáireamh 2006 agus daonáireamh 2011 ar líon iomlán na ndaoine a dúirt go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt.

Mar is eol don Teachta, tá cur i bhfeidhm na straitéise agus cur chun cinn na Gaeilge fite fuaite trí ghníomhaíochtaí mo Roinne agus áisíneachtaí ábhartha mo Roinne, is iad sin Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Maidir le Bliain na Gaeilge 2013, is tionscnamh é seo atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge i mbliana mar chomóradh ar bhunú na heagraíochta sin 120 bliain ó shin. Tá deontas forbartha de €25,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge don tionscnamh agus tá urraíocht tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chlár oibre an tionscnaimh sa Ghaeltacht. Tuigtear dom go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis na himeachtaí éagsúla atá eagraithe faoi scáth an tionscnaimh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.