Dáil debates

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge

2:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is cinnte go bhfuil obair thábhachtach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sin le fostaíocht agus obair a chur ar fáil. Is cinnte freisin go bhfuil dualgais breise ar an údarás anois - le Acht na Gaeltachta 2012 - mar go mbeidh sé mar chúram agus mar fhreagracht air na scéimeanna teanga a fheidhmiú sna ceantair Gaeltachta. Sin an fáth gur éirigh linn €500,000 breise a fháil, le díriú isteach agus le cuidiú a thabhairt don údarás agus do na ceantair Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú scéimeanna teanga - trí chinn i mbliana idir seo agus deireadh na bliana agus deich gcinn eile an bhliain seo chugainn.

Maidir le Údarás na Gaeltachta, is cinnte gur tháinig titim mór ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Mar shampla, i 2008, bhí €26 mhilliún ag Údarás na Gaeltachta mar dheontas caipitil. Thit sin an bhliain ina dhiaidh sin go dtí €16 mhilliún. I 2010 bhí sé anuas go €10 milliún agus i 2011 bhí sé ag €6 mhilliún. D'éirigh linn é a choinneáil ag sin, beag nó mór, ó shin, ach is cinnte i mbliana go bhfuil sé ag €5.7 milliún, ach beidh acmhainní dá chuid féin ag an údarás chomh maith. De réir mar a thuigim, beidh €2.4 mhilliún nó €2.5 mhilliún aige, rud a fhágann go mbeidh beagnach €8 milliún de chaiteachas caipitil ag an údarás. Tá mé dóchasach gur féidir leis an sprioc atá aige - 400 post a chruthú - a bhaint amach don bhliain amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.