Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Tionscal na gColáistí Samhraidh

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon phlé déanta aige leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an tionchar a bheidh ar thionscal na gColáistí Samhraidh agus ar ioncam na mban tí sna ceantair Ghaeltachta mar gheall ar an ngearradh sa deontas d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13145/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtosach báire, ba mhaith liom a rá go dtagann na cúinsí a bhaineann le hoiliúint ábhar oidí faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar is eol don Teachta, thóg an Roinn sin cinneadh deireadh a chur leis an deontas d'ábhair oidí don tréimhse éigeantach a chaitear sa Ghaeltacht ón bhliain acadúil 2012 go 2013 ar aghaidh. Ina theannta sin, tá sé i gceist go mbeidh na hábhair oidí ag caitheamh dhá thréimhse coicíse um Cháisc sa Ghaeltacht feasta in áit trí seachtaine le linn an tsamhraidh, mar a bhíodh go dtí seo. Is dul chun cinn é sin i mo thuairim.


Bhí go leor plé ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara maidir leis na hathruithe seo. Mar chuid den phlé sin, eagraíodh cruinniú ar na mallaibh faoi chathaoirleacht mo Roinnse ar a d'fhreastail ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna ó na coláistí oideachais agus ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, nó CONCOS mar a thugtar air. Rinneadh scrúdú ar na himpleachtaí ar fad maidir leis na hathruithe atá i gceist ar mhaithe le bailchríoch a chur leis na socruithe sa Ghaeltacht. Tá cruinniú eile beartaithe nuair a bheidh cúrsaí na Cásca críochnaithe i mbliana agus nuair a bheidh an pictiúr níos soiléire maidir leis na hathruithe atá i gceist.


Ar ndóigh, is cuid lárnach den chéim B.Oid. í an tréimhse a chaitear sa Ghaeltacht agus tuigim go bhfuil freastal ar na cúrsaí sin éigeantach chun cáiliú mar mhúinteoir bunoideachais. Is féidir liom a rá go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcoláistí Gaeilge a bhfuil iarratas ar aitheantas déanta acu ar mo Roinn chun cúrsaí a sholáthar d'ábhair oidí, cé nach bhfuil figiúirí ar fáil fós don líon ábhar oidí atá cláraithe ar na cúrsaí sin um Cháisc i mbliana.

1:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt an tAire Stáit aréir go bhfuil an Rialtas ag cur an straitéis 20 bliain i bhfeidhm. Caithfidh mé a rá, i ndáiríre, nach bhfuil sa ráiteas sin ach praiseach amach is amach. Ní chreideann éinne ar an taobh seo go bhfuil an Rialtas ag cur an straitéis 20 bliain i bhfeidhm i ndáiríre. Níl aon cheann de na heagraíochtaí Gaeilge lánsásta - ainmnigh eagraíocht amháin atá sásta - leis an méid atá an Rialtas ag déanamh chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá formhór acu ag rá go bhfuil an Rialtas ag déanamh damáiste don straitéis. Tá siad glan in éadan an slí ina bhfuil an Rialtas agus an Roinn ag feidhmiú. Leis an fhírinne a rá, tá a fhios agam nach bhfuil an tAire Stáit sásta leis ach oiread. Tá mé lánchinnte go bhfuil a fhios aige ina chroí go bhfuil an Roinn ag dul in éadan na straitéise.

Is féidir na hábhair oidí seo a thógáil mar shampla. Freastalaíonn na hoidí ar an nGaeltacht chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú, de ghnáth. San aimsir atá caite, bhí maoiniú ann le haghaidh na socruithe seo. Rinne an Rialtas cinneadh fáil réidh leis na deontais seo. Tá sé seo díreach in aghaidh na straitéise, a deireann go gcaithfidh na hábhair oidí níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. De réir an Teaching Council agus grúpaí eile, caithfear feabhas a chur ar chaighdeán na hábhair oidí. Conas a bhfuil an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm nuair atá a mhalairt de bharúil ag gach eagraíocht eile ar an oileán seo? Is sampla díreach é seo den chaoi ina bhfuil an Rialtas ag dul in aghaidh na straitéise.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag díriú isteach ar chúrsaí oideachais nach mbaineann go hiomlán liom ach mar sin féin go bhfuil suim agam iontu. Caithfidh na hábhair múinteoirí dhá thréimhse coicíse - mí iomlán ar fad - a chaitheamh sa Ghaeltacht i rith na Cásca. Sílim gur dul chun cinn mór é sin. Tuigeann an Rialtas go gcaithfear feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge chomh fada agus a bhaineann sé leis na hábhair múinteoirí. Tá ceisteanna airgid ann chomh maith i gcomhthéacs an géarchéim eacnamaíochta, ach sin scéal eile. Tá an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm againn.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní chreidim é sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil réabhlóid ag tarlú i gcúrsaí oideachais trí Ghaeilge i láthair na huaire. Tá curaclam agus siollabas úr Gaeilge á gcur ar fáil do bhunoideachas na tíre seo. Tá sé sin ag teacht isteach láithreach. Lena chois sin, cuirfear siollabas úr Gaeilge ar fáil go dtí leibhéal na hardteistiméireachta. Don chéad uair ó bunaíodh an Stát, beidh monatóireacht leanúnach á dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na daltaí bunscoile agus iarbhunscoile chun caighdeán náisiúnta a bhaint amach. Tá méadú mór, go dtí 40%, ag teacht ar líon na marcanna a thugtar do labhairt na Gaeilge san ardteist. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas é a mhéadú go dtí 50% más féidir agus má oireann sé sin nuair a bheidh anailís déanta ar an tionchar a bheidh ag an leibhéal 40%. Tá na rudaí seo ag tarlú i Roinn eile - an Roinn Oideachais agus Scileanna - nach bhfuil aon bhaint agam leis. Tá go leor ag tarlú i mo Roinn féin. Táimid ag tabhairt comhairle agus tacaíocht do theaghlaigh a thoilíonn a gclann a thógáil le Gaeilge. Tá 700 pacáiste curtha ar fáil ó tugadh isteach an scéim. Tá na campaí samhraidh againn. Tá na naíonraí againn. Tá na cúntóirí teanga againn. Tá na coláistí Gaeilge againn. Is páirt den straitéis 20 bliain iad sin ar fad.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-am don cheist seo caite.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ndáiríre-----

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé thart.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé ceist eile a chur.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadóidh mé ceist an-ghairid.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 25% de mhuintir na hÉireann ag iarraidh a gcuid páistí a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge, ach tá níos lú ná 5% ag fáil gaelscolaíocht dá bpáistí. Ní réabhlóid é seo ar chor ar bith. Níl ach trí nó ceithre leabhar sa phacáiste teaghlaigh. Nuair a fuair mé an pacáiste, bhí náire orm i dtaobh an méid a bhí ann.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Teachta ceist a chur.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an gearradh siar atá á phlé againn chun damáiste a dhéanamh do gheilleagar na Gaeltachta. Tá an tAire Stáit freagrach as sin. Ní bheidh ábhar oidí in ann dul go dtí an Ghaeltacht os rud é nach mbeidh an t-airgead acu. Beidh daoine ón ísealaicme ag fulaingt dá bharr. Ní rachfaidh an t-airgead isteach go dtí na Gaeltachtaí. Cad a dhéanfaidh an Rialtas faoi sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go mbeidh cúnamh ar fáil do dhaoine ar ioncaim íseal atá cáilithe faoin scéim um tháillí saor in aisce. Is féidir leo siúd a fhaigheann táillí saor faoi láthair iarratas a chur isteach chuig SUSI i leith costais taistil agus iostais le uasmhéid de €700.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios againn conas mar a fheidhmíonn SUSI.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfreagraíonn sé sin ceist an Teachta?

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh siad ag fanacht le haghaidh dhá bhliain.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir le daoine atá ar ioncaim íseal €700 a fháil.