Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Tionscal na gColáistí Samhraidh

1:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Dúirt an tAire Stáit aréir go bhfuil an Rialtas ag cur an straitéis 20 bliain i bhfeidhm. Caithfidh mé a rá, i ndáiríre, nach bhfuil sa ráiteas sin ach praiseach amach is amach. Ní chreideann éinne ar an taobh seo go bhfuil an Rialtas ag cur an straitéis 20 bliain i bhfeidhm i ndáiríre. Níl aon cheann de na heagraíochtaí Gaeilge lánsásta - ainmnigh eagraíocht amháin atá sásta - leis an méid atá an Rialtas ag déanamh chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá formhór acu ag rá go bhfuil an Rialtas ag déanamh damáiste don straitéis. Tá siad glan in éadan an slí ina bhfuil an Rialtas agus an Roinn ag feidhmiú. Leis an fhírinne a rá, tá a fhios agam nach bhfuil an tAire Stáit sásta leis ach oiread. Tá mé lánchinnte go bhfuil a fhios aige ina chroí go bhfuil an Roinn ag dul in éadan na straitéise.

Is féidir na hábhair oidí seo a thógáil mar shampla. Freastalaíonn na hoidí ar an nGaeltacht chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú, de ghnáth. San aimsir atá caite, bhí maoiniú ann le haghaidh na socruithe seo. Rinne an Rialtas cinneadh fáil réidh leis na deontais seo. Tá sé seo díreach in aghaidh na straitéise, a deireann go gcaithfidh na hábhair oidí níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. De réir an Teaching Council agus grúpaí eile, caithfear feabhas a chur ar chaighdeán na hábhair oidí. Conas a bhfuil an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm nuair atá a mhalairt de bharúil ag gach eagraíocht eile ar an oileán seo? Is sampla díreach é seo den chaoi ina bhfuil an Rialtas ag dul in aghaidh na straitéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.