Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Tionscal na gColáistí Samhraidh

1:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

I dtosach báire, ba mhaith liom a rá go dtagann na cúinsí a bhaineann le hoiliúint ábhar oidí faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar is eol don Teachta, thóg an Roinn sin cinneadh deireadh a chur leis an deontas d'ábhair oidí don tréimhse éigeantach a chaitear sa Ghaeltacht ón bhliain acadúil 2012 go 2013 ar aghaidh. Ina theannta sin, tá sé i gceist go mbeidh na hábhair oidí ag caitheamh dhá thréimhse coicíse um Cháisc sa Ghaeltacht feasta in áit trí seachtaine le linn an tsamhraidh, mar a bhíodh go dtí seo. Is dul chun cinn é sin i mo thuairim.


Bhí go leor plé ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara maidir leis na hathruithe seo. Mar chuid den phlé sin, eagraíodh cruinniú ar na mallaibh faoi chathaoirleacht mo Roinnse ar a d'fhreastail ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna ó na coláistí oideachais agus ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, nó CONCOS mar a thugtar air. Rinneadh scrúdú ar na himpleachtaí ar fad maidir leis na hathruithe atá i gceist ar mhaithe le bailchríoch a chur leis na socruithe sa Ghaeltacht. Tá cruinniú eile beartaithe nuair a bheidh cúrsaí na Cásca críochnaithe i mbliana agus nuair a bheidh an pictiúr níos soiléire maidir leis na hathruithe atá i gceist.


Ar ndóigh, is cuid lárnach den chéim B.Oid. í an tréimhse a chaitear sa Ghaeltacht agus tuigim go bhfuil freastal ar na cúrsaí sin éigeantach chun cáiliú mar mhúinteoir bunoideachais. Is féidir liom a rá go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcoláistí Gaeilge a bhfuil iarratas ar aitheantas déanta acu ar mo Roinn chun cúrsaí a sholáthar d'ábhair oidí, cé nach bhfuil figiúirí ar fáil fós don líon ábhar oidí atá cláraithe ar na cúrsaí sin um Cháisc i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.