Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Coistí Rannach

1:30 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad cruinniú den Fhochoiste Rialtais a bhí ann ó ceapadh an Rialtas agus dátaí na gcruinnithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13146/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dála an scéil, tá an-áthas orm go bhfuil an chéad cheist tosaíochta inniu as Gaeilge. Sílim go bhfuil sin an-oiriúnach ar fad agus molaim an Teachtaí as an cheist sin a chur. Tá súil agam go mbeidh sé sásta leis an bhfreagra.

Déanann an Coiste Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar bhonn leanúnach ar an dul chun cinn maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ón uair gur tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, tionóladh cúig chruinniú den choiste Rialtais áirithe seo ar na dátaí seo a leanas: 14 Aibreán 2011; 19 Bealtaine 2011; 5 Meitheamh 2012; 19 Iúil 2012; agus 5 Samhain 2012. Tá sé beartaithe an chéad chruinniú eile den choiste Rialtais áirithe seo a thionól go han-luath, an chéad seachtain de mhí Aibreáin.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin. Cuirim fáilte roimh an eolas, ach tá súil agam go mbeidh níos mó cruinnithe ag an coiste. Bhí an tAire Stáit ag caint ar "Prime Time" aréir mar gheall ar thábhacht an choiste seo agus an Taoiseach mar chathaoirleach air, ach an bhfuil aon rud déanta ag an Aire Stáit nó ag an Rialtas mar gheall ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Tá alt sa The Irish Times inniu a thosaíonn leis na focail seo "Cúrsaí teanga ag dul in olcas de réir na tuarascála is déanaí ón Choimisinéir Teanga." Céard atá le rá ag an Aire Stáit maidir le dul chun cinn na straitéise 20 bliain i ndiaidh an tuarascáil sin ón Choimisinéir Teanga?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, fáiltím i gcónaí roimh moltaí dearfa, constructive, ón Choimisinéir Teanga. Táimid anseo chun éisteacht le daoine mar sin, má tá rudaí deimhneacha le rá acu.

Maidir leis an straitéis 20 bliain, diúltaím go huile agus go hiomlán an chaint atá ag dul ar aghaidh nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dul chun cinn mór déanta ar an straitéis 20 bliain. An chéad rud a rinne muid, mar a dúradh sa freagra a thug mé don Teachta, ná go bhfuil an fochoiste Rialtais againn a thagann le chéile agus a bheidh ag teacht le chéile chun monatóireacht a dhéanamh ar an straitéis 20 bliain. Freisin, tá sé mar phríomh cuspóir i gclár an Rialtais an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm.

Chomh maith le seo, tá Acht Gaeltachta tugtha isteach a chuireann lenár gcumas agus a thugann bunús reachtaíochta don straitéis 20 bliain. Mar shampla, anois tá sé mar dhualgas agus mar fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta an straitéis a chur i bhfeidhm sna ceantair Gaeltachta agus táthar ag tosnú ar an obair sin i láthair na huaire. Tá siad ag dul amach go dtí na ceantair ar fud na Gaeltachtaí agus ag tabhairt deis dóibh a gcuid pleananna teanga a dhéanamh amach.

Chomh maith le sin, tá sé mar fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge an straitéis a chur i bhfeidhm sa chuid eile den tír. Táimid ag díriú isteach anois ar teallaigh agus ar an chaint, an chanúint agus an teanga fhéin. Mar adúirt mé, tá freagracht bhreise ar Údarás na Gaeltachta. Ní hamháin go bhfuil cúraimí fiontraíochta orthu, ach tá cúraimí teanga agus cultúr orthu chomh maith. Tá siad chun iad sin a chomhlíonadh go héifeachtach. Tá coiste nó bord úr ar an údarás agus tá an-mhuinín, an-dóchas agus an-mhisneach agam go ndéanfaidh siad an jab sin go héifeachtach, go cuimsitheach agus go hiomlán.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an Coimisinéir Teanga tuarisc faoi fhear óg a bhí ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nuair a stopadh é maidir le mion-choir tráchta. Tá eolas ar an scéal ag an Aire Stáit cheana. Le linn na bliana 2012 - ní sár bhliain a bhí ann don Ghaeilge de réir an Coimisinéir - bhí 756 cás ag an Coimisinéir mar gheall ar deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí Stáit a fháil trí Ghaeilge. Céard a dhéanfaidh an tAire Stáit faoi na fadhbanna seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte mhór roimh an breis agus 700 gearán a bheith déanta leis an coimisinéir, mar léiríonn sin domsa mar Aire Stáit go bhfuil pobal amuigh ansin atá ag éileamh seirbhísí ón Stát trí Ghaeilge agus má tá gearán acu, go ndéanann siad leis an Coimisinéir Teanga é. Sin an fáth go bhfuil Coimisinéir Teanga ann agus sin an fáth go mbeidh an Coimisinéir lonnaithe sa Ghaeltacht. Sin an fáth go mbeidh tacaíocht iomlán ag an Coimisinéir Teanga agus é ag déanamh fiosrú ar 13 de na gearán seo.

Tá gearán amháin go bhfuil comhartha ceiste agam maidir leis - a serious question mark - nach raibh garda ábalta an cheist "Cad is ainm duit?" a chur ar dhuine éigin. Ní shílim go bhfuil aon gharda sa tír seo nach mbeadh ábalta an cheist sin a chur ar an Teachta, ná ormsa ná ar an Aire nó ar an Chathaoirleach. Ní shílim go bhfuil mórán garda sa tír nach mbeadh ábalta a rá "Is garda mise agus seo é m'ainm." Sílim go bhfuil scéal ansin nár chuala muid go fóill. Tá ceisteanna le cur nach bhfuil freagraithe go fóill.