Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Coistí Rannach

1:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá dul chun cinn mór déanta ar an straitéis 20 bliain. An chéad rud a rinne muid, mar a dúradh sa freagra a thug mé don Teachta, ná go bhfuil an fochoiste Rialtais againn a thagann le chéile agus a bheidh ag teacht le chéile chun monatóireacht a dhéanamh ar an straitéis 20 bliain. Freisin, tá sé mar phríomh cuspóir i gclár an Rialtais an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm.

Chomh maith le seo, tá Acht Gaeltachta tugtha isteach a chuireann lenár gcumas agus a thugann bunús reachtaíochta don straitéis 20 bliain. Mar shampla, anois tá sé mar dhualgas agus mar fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta an straitéis a chur i bhfeidhm sna ceantair Gaeltachta agus táthar ag tosnú ar an obair sin i láthair na huaire. Tá siad ag dul amach go dtí na ceantair ar fud na Gaeltachtaí agus ag tabhairt deis dóibh a gcuid pleananna teanga a dhéanamh amach.

Chomh maith le sin, tá sé mar fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge an straitéis a chur i bhfeidhm sa chuid eile den tír. Táimid ag díriú isteach anois ar teallaigh agus ar an chaint, an chanúint agus an teanga fhéin. Mar adúirt mé, tá freagracht bhreise ar Údarás na Gaeltachta. Ní hamháin go bhfuil cúraimí fiontraíochta orthu, ach tá cúraimí teanga agus cultúr orthu chomh maith. Tá siad chun iad sin a chomhlíonadh go héifeachtach. Tá coiste nó bord úr ar an údarás agus tá an-mhuinín, an-dóchas agus an-mhisneach agam go ndéanfaidh siad an jab sin go héifeachtach, go cuimsitheach agus go hiomlán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.