Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Coistí Rannach

1:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte mhór roimh an breis agus 700 gearán a bheith déanta leis an coimisinéir, mar léiríonn sin domsa mar Aire Stáit go bhfuil pobal amuigh ansin atá ag éileamh seirbhísí ón Stát trí Ghaeilge agus má tá gearán acu, go ndéanann siad leis an Coimisinéir Teanga é. Sin an fáth go bhfuil Coimisinéir Teanga ann agus sin an fáth go mbeidh an Coimisinéir lonnaithe sa Ghaeltacht. Sin an fáth go mbeidh tacaíocht iomlán ag an Coimisinéir Teanga agus é ag déanamh fiosrú ar 13 de na gearán seo.

Tá gearán amháin go bhfuil comhartha ceiste agam maidir leis - a serious question mark - nach raibh garda ábalta an cheist "Cad is ainm duit?" a chur ar dhuine éigin. Ní shílim go bhfuil aon gharda sa tír seo nach mbeadh ábalta an cheist sin a chur ar an Teachta, ná ormsa ná ar an Aire nó ar an Chathaoirleach. Ní shílim go bhfuil mórán garda sa tír nach mbeadh ábalta a rá "Is garda mise agus seo é m'ainm." Sílim go bhfuil scéal ansin nár chuala muid go fóill. Tá ceisteanna le cur nach bhfuil freagraithe go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.