Dáil debates

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Tionscal na gColáistí Samhraidh

1:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil réabhlóid ag tarlú i gcúrsaí oideachais trí Ghaeilge i láthair na huaire. Tá curaclam agus siollabas úr Gaeilge á gcur ar fáil do bhunoideachas na tíre seo. Tá sé sin ag teacht isteach láithreach. Lena chois sin, cuirfear siollabas úr Gaeilge ar fáil go dtí leibhéal na hardteistiméireachta. Don chéad uair ó bunaíodh an Stát, beidh monatóireacht leanúnach á dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na daltaí bunscoile agus iarbhunscoile chun caighdeán náisiúnta a bhaint amach. Tá méadú mór, go dtí 40%, ag teacht ar líon na marcanna a thugtar do labhairt na Gaeilge san ardteist. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas é a mhéadú go dtí 50% más féidir agus má oireann sé sin nuair a bheidh anailís déanta ar an tionchar a bheidh ag an leibhéal 40%. Tá na rudaí seo ag tarlú i Roinn eile - an Roinn Oideachais agus Scileanna - nach bhfuil aon bhaint agam leis. Tá go leor ag tarlú i mo Roinn féin. Táimid ag tabhairt comhairle agus tacaíocht do theaghlaigh a thoilíonn a gclann a thógáil le Gaeilge. Tá 700 pacáiste curtha ar fáil ó tugadh isteach an scéim. Tá na campaí samhraidh againn. Tá na naíonraí againn. Tá na cúntóirí teanga againn. Tá na coláistí Gaeilge againn. Is páirt den straitéis 20 bliain iad sin ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.