Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

1:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 2: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid cruinnithe a bhí ag na Coistí idir-Rannacha atá freagrach as an Straitéis Fiche Bliain a chur i bhfeidhm; cén dul chun cinn atá déanta acu agus cad iad na torthaí atá bainte amach acu; agus cad iad na spriocanna atá acu don bhliain atá le teacht. [27087/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aithnítear sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Bunaíodh struchtúir ar leith chun an straitéis a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir seo. Tá an coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an straitéis. Tá grúpa oifigeach sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, ag tacú leis an gcoiste Rialtais. Tá grúpa idir-rannach, a bhfuil mise mar Aire Stáit ina chathaoirleach air, ag déanamh comhordú ar chur i bhfeidhm na straitéise. Tá aonad straitéise i mo Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú.

Maidir leis an gcoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, bhí cruinniú den choiste sin, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ann inné, 5 Meitheamh 2012. Tá an chéad chruinniú eile den choiste beartaithe don mhí seo chugainn. Maidir leis an ngrúpa idir-rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an chéad chruinniú den ghrúpa ann ar an 8 Feabhra 2012 chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite. Bhí ionadaithe sinsearacha ó na Ranna ábhartha i láthair. Beidh an chéad chruinniú eile den ghrúpa ann ar an 27 Meitheamh 2012. Taobh amuigh de na grúpaí sin, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre seo, de réir mar is gá.

Mar thoradh ar chinntí polasaí a thóg an Rialtas ar an 31 Bealtaine 2011 maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don straitéis agus maidir leis an sainmhíniú nua don Ghaeltacht, tá oifigigh mo Roinnse ag tabhairt tús áite do dhréachtú an Bhille Gaeltachta 2012, a thabharfaidh feidhm, de réir mar is cuí, do na cinntí Rialtais sin. Tá mé ag súil go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta an-luath an mhí seo, faoi réir chead an Rialtais. Chomh maith leis an obair atá ar siúl ar dhréachtú an Bhille Gaeltachta, ní miste a rá gur fhógair mé dhá thionscnamh shuntasacha faoin straitéis ar an 26 Aibreán 2012. Ar an gcéad dul síos, chuir mé tús leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar Gaeltachta i gcomhréir leis an straitéis. Ar an dara dul síos, d'fhógair mé an clár tacaíochta teaghlaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an straitéis.

3:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is le muintir na hÉireann an straitéis 20 bliain, atá bunaithe ar obair a rinne eagraíochtaí Gaeilge ó gach coirnéal den tír, Thuaidh agus Theas. Tá an straitéis glactha ag chuile páirtí sna Fiche-Sé Contae agus ag an cuid is mó dóibh sna Sé Contae. Os rud é go bhfuil brú uafásach ag teacht ar an nGaeilge, is rud tábhachtach agus práinneach í an straitéis 20 bliain. D'fhloglaim muid inniu gur tháinig íslú arís i mbliana ar líon na dteaghlach a fuair an deontas faoi scéim labhairt na Gaeilge. Le dhá bhliain anuas, tá go leor ráite ag Fine Gael atá glan in éadan an straitéis 20 bliain. Ag amanna éagsúla, bhí sé mar aidhm ag Fine Gael fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach ag leibhéal na hardteiste, deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge, na rialacha maidir le bunú gaelscoileanna nua a dhéanamh níos déine, scoileanna beaga Gaeltachta a dhúnadh, gan ról lárnach a bheith ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sa straitéis agus laghdú a dhéanamh ar cumhachta Oifig an Choimisinéara Teanga. Anois, tá sé ráite go bhfuil buiséad Raidió na Gaeltachta ag íslú. Ar an taobh eile den scéal, d'fhoilsigh an Aire Stáit pacáiste tacaíochta mar pháirt den chlár teaghlaigh atá bunaithe in áit scéim labhairt na Gaeilge. Níl sa phacáiste seo ach treoirleabhar a bhí le fáil ó Comhluadar cheana agus dlúthdhiosca éigin.

Níl ach 13 iarratas curtha isteach chuig an Roinn ag lorg an phacáiste seo go dtí seo. Cé mhéad cruinniú a bhí ag coiste idir-rannach i mbliana? An bhfuil an ceart agam go raibh dhá chruinniú ann sa sé mhí seo caite? Tá faic déanta ag an Rialtas maidir le scéim labhairt na Gaeilge ach amháin rudaí diúltacha.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta i ndiaidh tagairt a dhéanamh do rudaí nach bhfuil baint dhíreach ag an Roinn seo leo. Ní aontaím ar chor ar bith. Níor tháinig aon athrú ar stádas na Gaeilge san ardteistiméireacht, a mhalairt ar fad a tharla, tá stádas níos láidre ag cumas labhartha na Gaeilge san ardteistiméireacht ná mar a bhí. Tá 40% ag dul do labhairt na Gaeilge san ardteistiméireacht i gcomparáid leis an 25% a bhíodh ann. Céim mhór ar aghaidh í sin.

Maidir le scéim labhairt na Gaeilge, bhí dearcadh coitianta ann nár éirigh léi an aidhm a bhí aici a bhaint amach: cainteoirí dúchais a chothú sa Ghaeilge. Sé an laige mhór a bhí ann sa scéim ná nuair a cuireadh na páistí faoi scrúdú ar scoil, bhí siad sé bliana d'aois. Faoin am sin bhí an chéad teanga lonnaithe sa pháiste. An rud atá i gceist leis an scéim tacaíochta teaghlaigh ná díriú isteach ar na tuisimitheoirí ón am a thagann an páiste ar an saol, fiú sula dtiocfaidh an páiste. Deir teangeolaithe gur seo an tslí cheart le dul. Táimid ag déanamh teagmháil le tuismitheoirí sula dtagann an páiste ar an saol, teagmháil leo chomh luath agus a thagann an páiste ar an saol agus ag tabhairt pacáistí dóibh. An méid atá sna pacáistí a luaigh an Teachta, níl ann ach an chéad chéim agus beimid ag cur leis na pacáistí sin, á méadú agus á bhforbairt sin sna seachtainí amach romhainn. An aidhm atá againn ná an rogha a thabhairt do thuismitheoirí na nGaeltachtaí, nó d'aon tuismitheoirí eile na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil trí Ghaeilge a bhaint amach. Is í an deacracht mhór ná go raibh titim ar an líon daoine a bhí ag fáil deontas ó scéim labhairt na Gaeilge. Caithfimid tosnú roimhe sin, caithfimid tosnú leis an pháiste sa chliabhán agus an teanga a lonnú ag an phointe sin. Sin an fáth go bhfuil an clár seo istigh. Tá forbairt agus fás le teacht air, seo í an chéad chéim.

Tugaim aitheantas d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé sásta agus toilteanach chomhoibriú a dhéanamh linn san fhiontar seo.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl fadhb agam leis an bpácaiste tacaíochta do theaghlaigh; aontaím leis an togra sin, táim ag iarraidh mé féin mó pháistí a thógáil le Gaeilge. An fhadhb atá ann, áfach, ná nach bhfuil pacáiste ann ag an nóiméad; níl ann ach leabhar a bhí ann cheana féin ag Comhluadar agus dlúthdhiosca éigin. Níl eolas ar bith ag na tuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge. Praiseach atá ann fós. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr sa todhchaí ach níl rud ar bith ann anois díreach chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh.

Tá deis an-chuid rudaí a dhéanamh mar gheall air, rudaí beaga nach bhfuil aon chostas ag baint leo, cosúil le beartas luath-thumoideachais iomlán a chur i bhfeidhm sna bunscoileanna Gaeltachta agus ról lárnach a thabhairt do COGG sa choiste oideachais sa straitéis 20 bliain agus aonad náisiúnta pleanála a chruthú dá thoradh.

Tá tuairim fhorleathan ann anois i measc lucht na Gaeilge go bhfuil an straitéis ar shlua na marbh, nach bhfuil aon treise inti agus nach bhfuil an Rialtas ag obair uirthi. Tá an t-am ag sleamhnú thart ag an Rialtas agus tá an straitéis ag feidhmiú le dhá bhliain anuas anois ach fós níl aon rud láidir ann chun tacú le daoine.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an-chuid oibre déanta go dtí seo maidir leis an straitéis. An clár tacaíochta teaghlaigh, níor láinseáladh é go dtí mí ó shin agus tiocfaidh fás agus forbairt air sin. Tá suim ag an Teachta sa rud seo ar fad, chonaic mé é féin agus a pháistí nuair a bhí mé i Rath Carn agus an Ghaeilge á labhairt acu. Mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá fáilte agus céad agam d'aon mholtaí fiúntacha, réadúla a thagann isteach chugainn maidir leis an straitéis. Maidir leis an gclár tacaíochta teaghlaigh, na rudaí atá sa chlár go fóill, tháinig siad ón phobal mar bhí cruinnithe againn. Má tá moltaí ag an Teachta, nó ag éinne eile, beidh fonn orainn iad a chur sa phacáiste. Tá seo seolta le mí anuas, beidh suíomh Idirlíne againn agus beidh cead, ceart agus deis ag na tuismitheoirí thart ar an suíomh agus gach saghas eolais a fháil chomh maith.

Tá ról tábhachtach ag COGG. Tá fochoiste d'oifigigh ard-leibhéal idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bhí COGG istigh cheana féin ann agus bhí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge istigh lena gcuid tuairimí a chur i láthair. Níl aon fáth ar an domhan nach mbeidh siad ag teacht isteach arís agus arís eile fá choinne a ndearcadh, a mbarúlacha agus a gcomhairle a thabhairt dúinn. Táimid go léir ag obair as lámh a chéile, níl aon duine i gcoinne aon duine eile, táimid ag brú an rud ar aghaidh.

Tá an Bille Gaeltachta réidh le teacht agus táim cinnte go gcuirfear fríd an Teach seo é roimh an samhradh. Bille an-chuimsitheach é, an chéad Bille Gaeltachta ó 1956, a thabharfaidh cumasú don Stát agus do na Ranna dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach i gcur i bhfeidhm na straitéise. Tá Impleachtaí aige do na Gaeltachtaí agus d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus mar sin. Tá sé ar tí teacht roimh an Teach. Is mór an dul chun cinn sin agus tá an obair sin ar siúl ag oifigigh mo Roinne.