Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an-chuid oibre déanta go dtí seo maidir leis an straitéis. An clár tacaíochta teaghlaigh, níor láinseáladh é go dtí mí ó shin agus tiocfaidh fás agus forbairt air sin. Tá suim ag an Teachta sa rud seo ar fad, chonaic mé é féin agus a pháistí nuair a bhí mé i Rath Carn agus an Ghaeilge á labhairt acu. Mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá fáilte agus céad agam d'aon mholtaí fiúntacha, réadúla a thagann isteach chugainn maidir leis an straitéis. Maidir leis an gclár tacaíochta teaghlaigh, na rudaí atá sa chlár go fóill, tháinig siad ón phobal mar bhí cruinnithe againn. Má tá moltaí ag an Teachta, nó ag éinne eile, beidh fonn orainn iad a chur sa phacáiste. Tá seo seolta le mí anuas, beidh suíomh Idirlíne againn agus beidh cead, ceart agus deis ag na tuismitheoirí thart ar an suíomh agus gach saghas eolais a fháil chomh maith.

Tá ról tábhachtach ag COGG. Tá fochoiste d'oifigigh ard-leibhéal idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bhí COGG istigh cheana féin ann agus bhí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge istigh lena gcuid tuairimí a chur i láthair. Níl aon fáth ar an domhan nach mbeidh siad ag teacht isteach arís agus arís eile fá choinne a ndearcadh, a mbarúlacha agus a gcomhairle a thabhairt dúinn. Táimid go léir ag obair as lámh a chéile, níl aon duine i gcoinne aon duine eile, táimid ag brú an rud ar aghaidh.

Tá an Bille Gaeltachta réidh le teacht agus táim cinnte go gcuirfear fríd an Teach seo é roimh an samhradh. Bille an-chuimsitheach é, an chéad Bille Gaeltachta ó 1956, a thabharfaidh cumasú don Stát agus do na Ranna dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach i gcur i bhfeidhm na straitéise. Tá Impleachtaí aige do na Gaeltachtaí agus d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus mar sin. Tá sé ar tí teacht roimh an Teach. Is mór an dul chun cinn sin agus tá an obair sin ar siúl ag oifigigh mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.