Dáil debates
Wednesday, 6 June 2012
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
3:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Níl fadhb agam leis an bpácaiste tacaíochta do theaghlaigh; aontaím leis an togra sin, táim ag iarraidh mé féin mó pháistí a thógáil le Gaeilge. An fhadhb atá ann, áfach, ná nach bhfuil pacáiste ann ag an nóiméad; níl ann ach leabhar a bhí ann cheana féin ag Comhluadar agus dlúthdhiosca éigin. Níl eolas ar bith ag na tuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge. Praiseach atá ann fós. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr sa todhchaí ach níl rud ar bith ann anois díreach chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh.
Tá deis an-chuid rudaí a dhéanamh mar gheall air, rudaí beaga nach bhfuil aon chostas ag baint leo, cosúil le beartas luath-thumoideachais iomlán a chur i bhfeidhm sna bunscoileanna Gaeltachta agus ról lárnach a thabhairt do COGG sa choiste oideachais sa straitéis 20 bliain agus aonad náisiúnta pleanála a chruthú dá thoradh.
Tá tuairim fhorleathan ann anois i measc lucht na Gaeilge go bhfuil an straitéis ar shlua na marbh, nach bhfuil aon treise inti agus nach bhfuil an Rialtas ag obair uirthi. Tá an t-am ag sleamhnú thart ag an Rialtas agus tá an straitéis ag feidhmiú le dhá bhliain anuas anois ach fós níl aon rud láidir ann chun tacú le daoine.
No comments