Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an Teachta i ndiaidh tagairt a dhéanamh do rudaí nach bhfuil baint dhíreach ag an Roinn seo leo. Ní aontaím ar chor ar bith. Níor tháinig aon athrú ar stádas na Gaeilge san ardteistiméireacht, a mhalairt ar fad a tharla, tá stádas níos láidre ag cumas labhartha na Gaeilge san ardteistiméireacht ná mar a bhí. Tá 40% ag dul do labhairt na Gaeilge san ardteistiméireacht i gcomparáid leis an 25% a bhíodh ann. Céim mhór ar aghaidh í sin.

Maidir le scéim labhairt na Gaeilge, bhí dearcadh coitianta ann nár éirigh léi an aidhm a bhí aici a bhaint amach: cainteoirí dúchais a chothú sa Ghaeilge. Sé an laige mhór a bhí ann sa scéim ná nuair a cuireadh na páistí faoi scrúdú ar scoil, bhí siad sé bliana d'aois. Faoin am sin bhí an chéad teanga lonnaithe sa pháiste. An rud atá i gceist leis an scéim tacaíochta teaghlaigh ná díriú isteach ar na tuisimitheoirí ón am a thagann an páiste ar an saol, fiú sula dtiocfaidh an páiste. Deir teangeolaithe gur seo an tslí cheart le dul. Táimid ag déanamh teagmháil le tuismitheoirí sula dtagann an páiste ar an saol, teagmháil leo chomh luath agus a thagann an páiste ar an saol agus ag tabhairt pacáistí dóibh. An méid atá sna pacáistí a luaigh an Teachta, níl ann ach an chéad chéim agus beimid ag cur leis na pacáistí sin, á méadú agus á bhforbairt sin sna seachtainí amach romhainn. An aidhm atá againn ná an rogha a thabhairt do thuismitheoirí na nGaeltachtaí, nó d'aon tuismitheoirí eile na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil trí Ghaeilge a bhaint amach. Is í an deacracht mhór ná go raibh titim ar an líon daoine a bhí ag fáil deontas ó scéim labhairt na Gaeilge. Caithfimid tosnú roimhe sin, caithfimid tosnú leis an pháiste sa chliabhán agus an teanga a lonnú ag an phointe sin. Sin an fáth go bhfuil an clár seo istigh. Tá forbairt agus fás le teacht air, seo í an chéad chéim.

Tugaim aitheantas d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé sásta agus toilteanach chomhoibriú a dhéanamh linn san fhiontar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.