Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aithnítear sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Bunaíodh struchtúir ar leith chun an straitéis a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir seo. Tá an coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an straitéis. Tá grúpa oifigeach sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, ag tacú leis an gcoiste Rialtais. Tá grúpa idir-rannach, a bhfuil mise mar Aire Stáit ina chathaoirleach air, ag déanamh comhordú ar chur i bhfeidhm na straitéise. Tá aonad straitéise i mo Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú.

Maidir leis an gcoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, bhí cruinniú den choiste sin, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ann inné, 5 Meitheamh 2012. Tá an chéad chruinniú eile den choiste beartaithe don mhí seo chugainn. Maidir leis an ngrúpa idir-rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an chéad chruinniú den ghrúpa ann ar an 8 Feabhra 2012 chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite. Bhí ionadaithe sinsearacha ó na Ranna ábhartha i láthair. Beidh an chéad chruinniú eile den ghrúpa ann ar an 27 Meitheamh 2012. Taobh amuigh de na grúpaí sin, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre seo, de réir mar is gá.

Mar thoradh ar chinntí polasaí a thóg an Rialtas ar an 31 Bealtaine 2011 maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don straitéis agus maidir leis an sainmhíniú nua don Ghaeltacht, tá oifigigh mo Roinnse ag tabhairt tús áite do dhréachtú an Bhille Gaeltachta 2012, a thabharfaidh feidhm, de réir mar is cuí, do na cinntí Rialtais sin. Tá mé ag súil go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta an-luath an mhí seo, faoi réir chead an Rialtais. Chomh maith leis an obair atá ar siúl ar dhréachtú an Bhille Gaeltachta, ní miste a rá gur fhógair mé dhá thionscnamh shuntasacha faoin straitéis ar an 26 Aibreán 2012. Ar an gcéad dul síos, chuir mé tús leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar Gaeltachta i gcomhréir leis an straitéis. Ar an dara dul síos, d'fhógair mé an clár tacaíochta teaghlaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an straitéis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.