Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

Other Questions

Comhoibriú Trasteorann

3:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 20: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise feidhmeannas nua a bheith ceaptha sna sé chontae agus Aire nua sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an bhfuil sé i gceist aige cruinniú a lorg leis an Aire nua maidir le comhoibriú trasteorann ar cheist na Gaeilge agus cúrsaí ealaíon; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16436/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 106: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta tá feidhmeannas nua ceaptha sna sé chontae agus Aire nua sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, an bhfuil sé i gceist ag an Aire cruinniú a lorg leis an Aire nua maidir le comhoibriú trasteorann ar cheist na Gaeilge agus cúrsaí Ealaíon. [13218/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 20 agus 106 le chéile.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh mé ag bualadh leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta nua ó Thuaidh, an tUasal Carál Ní Chuilín, MLA, ar an 7 Iúil 2011 in Ard Mhacha nuair a reachtálfar cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i bhformáid rannach na teanga agus na n-uiscebhealaí. Ag na cruinnithe sin déanfar plé go príomha ar an obair reatha mar a bhaineann leis na forais trasteorann a thagann faoi scáth ár Ranna, is é sin, An Foras Teanga, ar a n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus Uiscebhealaí Éireann. An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh seans againn plé a dhéanamh fosta ar na deiseanna nua a d'fhéadfadh bheith ann maidir le comhoibriú trasteorann sa todhchaí.Ní miste dom a lua gur chas mo chomhleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Jimmy Deenihan, leis an Aire Ní Chuilinn ag lánchruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a tionóladh i Farmleigh ar 10 Meitheamh 2011.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith ag an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Tá fás tagtha ar an Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann le blianta beaga anuas. Mar is eol don Aire Stáit, tá Aire ann a bhaineann leis an Ghaeilge anois. Tá áthas orm go mbeidh an tAire Stáit ag bualadh léi i Mí Iúil.

Tá an-chuid rudaí le déanamh i dtaobh ghaelscolaíochta agus téacsleabhair a bhaineann le gaelscoileanna. Tá daltaí i ngaelscoileanna ag léamh leabhar Béarla ag an mbomaite seo, ach tá téacsleabhair sa Tuaisceart cosúil leis na cinn atá á iarraidh sa Deisceart. Tá gá le curaclam Éireannach a chruthú don dá thaobh den tír. Níl sé ceart go bhfuil dhá chóras ag feidhmiú ar dhá thaonh den Teorann. Bheimís in ann a lán airgid a shábháil sa tír seo dá n-oibreoimís le chéile. Tá daoine i mBaile Munna ag iarraidh gaelscoil nua a bhunú agus tá Gaeltacht i mBóthar na Seoighe i mBéal Feirste. D'fhéadfaí eolas an dá cheantar sin a roinn idir a chéile. D'fhéadfaimís an Ghaeilge a láidriú ar an dá thaobh den Teorann. Impím ar an Aire Stáit oibriú leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, más féidir leis.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím le gach rud atá le rá ag an Teachta agus leis na tuairimí atá sé ag cur chun tosaigh. Caithfimid comhoibriú agus is maith an rud go mbéadh comhoibriú idir muidne anseo agus na húdaráis ó Thuaidh. Sin an fáth go bhfuil mé ag tnúth chomh mór sin bualadh leis an Aire úr ar 7 Iúil in Ard Mhacha, nuair a bhéas cruinniú den Chomhaire Aireachta Thuaidh-Theas ann.

Is cúis áthais dom gur chainteoir bhreá Gaeilge an t-Aire úr a bhfuil na cúramaí seo uirthi. Is cinnte gur féidir linn comhoibriú a dhéanamh. Beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge ins an straitéis 20 bliain sa chuid eile den tír. Tá an Roinn i gceannas go hiomlán uirthi. Beidh an t-údarás i gceannas na straitéise ins an Ghaeltacht ach beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge i gcur chun cinn na straitéise ar fud na tíre seo. Is cinnte go bhfuil mise ag tnúth go mór le comhráití a bheith agam leis an Aire úr agus teacht ar dhóigheanna gur féidir linn an deis sin a thapú, más féidir liom é a chur mar sin.

Tá an-obair á dhéanamh sa Tuaisceart ag na gaelscoileanna agus tá súil agam, nuair a bheidh mé ansin, go mbeidh seans agam cuairt a thabhairt ar chupla ceann. Thug mé cuairt ar chupla gaelscoil ansin cheana féin, an ceann i mBóthar Seoighe agus i mBaile na Stéile i nDoire. Sílim gur féidir linn foghlaim uathu sin agus gur féidir leosan foghlaim uainne.

Maidir le téacsleabhair agus mar sin de, is é an teanga céanna atá i gceist agus ní fheicim aon fáth nach mbéadh comhoibriú ceart eadrainn. Is Gaeilge Uladh a bhéas sna téacsleabhair ins an Tuaisceart, rud a chuireann áthas ar mo chroí. Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta Kitt é sin. Ní dhéanfaimid dearmad ar Gheilge Chonnachta ach an oiread. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh. Tá mé ag tnúth go mór le bualadh leis an Aire úr agus dul ar aghaidh leis an straitéis.

Photo of Peter MathewsPeter Mathews (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat, a Aire.

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

The Minister of State is too good to be stopped.