Dáil debates
Wednesday, 22 June 2011
Comhoibriú Trasteorann
3:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Go raibh maith ag an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Tá fás tagtha ar an Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann le blianta beaga anuas. Mar is eol don Aire Stáit, tá Aire ann a bhaineann leis an Ghaeilge anois. Tá áthas orm go mbeidh an tAire Stáit ag bualadh léi i Mí Iúil.
Tá an-chuid rudaí le déanamh i dtaobh ghaelscolaíochta agus téacsleabhair a bhaineann le gaelscoileanna. Tá daltaí i ngaelscoileanna ag léamh leabhar Béarla ag an mbomaite seo, ach tá téacsleabhair sa Tuaisceart cosúil leis na cinn atá á iarraidh sa Deisceart. Tá gá le curaclam Éireannach a chruthú don dá thaobh den tír. Níl sé ceart go bhfuil dhá chóras ag feidhmiú ar dhá thaonh den Teorann. Bheimís in ann a lán airgid a shábháil sa tír seo dá n-oibreoimís le chéile. Tá daoine i mBaile Munna ag iarraidh gaelscoil nua a bhunú agus tá Gaeltacht i mBóthar na Seoighe i mBéal Feirste. D'fhéadfaí eolas an dá cheantar sin a roinn idir a chéile. D'fhéadfaimís an Ghaeilge a láidriú ar an dá thaobh den Teorann. Impím ar an Aire Stáit oibriú leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, más féidir leis.
No comments