Dáil debates
Wednesday, 22 June 2011
Comhoibriú Trasteorann
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 20 agus 106 le chéile.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh mé ag bualadh leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta nua ó Thuaidh, an tUasal Carál Ní Chuilín, MLA, ar an 7 Iúil 2011 in Ard Mhacha nuair a reachtálfar cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i bhformáid rannach na teanga agus na n-uiscebhealaí. Ag na cruinnithe sin déanfar plé go príomha ar an obair reatha mar a bhaineann leis na forais trasteorann a thagann faoi scáth ár Ranna, is é sin, An Foras Teanga, ar a n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus Uiscebhealaí Éireann. An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh seans againn plé a dhéanamh fosta ar na deiseanna nua a d'fhéadfadh bheith ann maidir le comhoibriú trasteorann sa todhchaí.Ní miste dom a lua gur chas mo chomhleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Jimmy Deenihan, leis an Aire Ní Chuilinn ag lánchruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a tionóladh i Farmleigh ar 10 Meitheamh 2011.
No comments