Dáil debates

Wednesday, 22 June 2011

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aontaím le gach rud atá le rá ag an Teachta agus leis na tuairimí atá sé ag cur chun tosaigh. Caithfimid comhoibriú agus is maith an rud go mbéadh comhoibriú idir muidne anseo agus na húdaráis ó Thuaidh. Sin an fáth go bhfuil mé ag tnúth chomh mór sin bualadh leis an Aire úr ar 7 Iúil in Ard Mhacha, nuair a bhéas cruinniú den Chomhaire Aireachta Thuaidh-Theas ann.

Is cúis áthais dom gur chainteoir bhreá Gaeilge an t-Aire úr a bhfuil na cúramaí seo uirthi. Is cinnte gur féidir linn comhoibriú a dhéanamh. Beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge ins an straitéis 20 bliain sa chuid eile den tír. Tá an Roinn i gceannas go hiomlán uirthi. Beidh an t-údarás i gceannas na straitéise ins an Ghaeltacht ach beidh ról cinnte ag Foras na Gaeilge i gcur chun cinn na straitéise ar fud na tíre seo. Is cinnte go bhfuil mise ag tnúth go mór le comhráití a bheith agam leis an Aire úr agus teacht ar dhóigheanna gur féidir linn an deis sin a thapú, más féidir liom é a chur mar sin.

Tá an-obair á dhéanamh sa Tuaisceart ag na gaelscoileanna agus tá súil agam, nuair a bheidh mé ansin, go mbeidh seans agam cuairt a thabhairt ar chupla ceann. Thug mé cuairt ar chupla gaelscoil ansin cheana féin, an ceann i mBóthar Seoighe agus i mBaile na Stéile i nDoire. Sílim gur féidir linn foghlaim uathu sin agus gur féidir leosan foghlaim uainne.

Maidir le téacsleabhair agus mar sin de, is é an teanga céanna atá i gceist agus ní fheicim aon fáth nach mbéadh comhoibriú ceart eadrainn. Is Gaeilge Uladh a bhéas sna téacsleabhair ins an Tuaisceart, rud a chuireann áthas ar mo chroí. Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta Kitt é sin. Ní dhéanfaimid dearmad ar Gheilge Chonnachta ach an oiread. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh. Tá mé ag tnúth go mór le bualadh leis an Aire úr agus dul ar aghaidh leis an straitéis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.