Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

Other Questions

Údarás na Gaeltachta

2:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 6: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cathain a bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta ann. [7964/11]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 14: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é todhchaí Údarás na Gaeltachta. [7963/11]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 22: To ask the Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé mar aidhm ag an rialtas cead a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta Príomhfheidhmeannach a cheapadh. [7962/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 6, 14 agus 22 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá sé molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a ritheann ó 2010 go 2030, go mbunófaí údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Tabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis chomh fada is a bhaineann sé leis na spriocanna indéanta atá molta ann a sheachadadh, mar atá luaite go sonrach sa chlár Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáil i mo Roinn i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta agus táthar ag súil go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá conradh an phríomhfheidhmeannaigh ghníomhaigh ar an údarás i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana seo. Déanfar cinneadh maidir le príomhfheidhmeannach nua a cheapadh ar an údarás i gcomhthéacs na n-athruithe eagraíochtúla a eascróidh as an dréacht-reachtaíocht thuasluaite.

Faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh na chéad toghcháin eile d'Údarás na Gaeltachta le reáchtáil faoin 1 Deireadh Fómhair 2012. Beidh an cás maidir leis na chéad toghcháin eile á bhreithniú i gcomhthéacs na dréacht-reachtaíochta fosta.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Guím gach rath ar an Aire Stáit sa phost nua atá aige mar duine as mo pharóiste féin. Tá cúpla ceist shimplí ó thaobh na gcúraimí a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios againn faoin reachtaíocht agus faoin spriocdáta toghcháin atá ann. Chuir an Rialtas deireanach síneadh leis sin ach ba mhaith linn cinneadh dearfach, cinnte ón Rialtas nua nach gcuirfear síneadh eile leis sa reachtaíocht agus go mbeidh an toghchán ar a laghad ar an dáta sin, nó fiú taobh istigh den téarma atá leagtha síos. Is féidir leis an Rialtas seo anois síneadh a chur leis an reachtaíocht lena chur níos faide siar ná 2012. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas go mbeidh sé taobh istigh den seal ama atá leagtha síos?

Ó thaobh phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta de, seo cinneadh dearfach a thiocfadh leis an Rialtas a dhéanamh ná príomhfheidhmeannach a cheapadh sa dóigh is nach bhfuilimid ag dul ón áit ina bhfuilimid faoi láthair suas go dtí 2012 gan cheannasaíocht mar is ceart ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Cuireadh cúpla ceist le chéile anseo so caithfidh mé iad a phlé go mion. Chuir muid ceist faoin ról atá ag Údarás na Gaeltachta amach anseo. Bhí ceist shimplí curtha síos ag an Teachta Dála a labhair romham faoi cheisteanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta. Níor chuala muid go fóill an tAire Stáit ag rá go mbeadh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta. Chuir mé féin ceist an gcuirfidh an Rialtas an straitéis 20 bliain i bhfeidhm. Tá sé ráite go soiléir sa straitéis sin go bhfuil cúraimí fiontraíochta le bheith ag Údarás na Gaeltachta agus tá a fhios againn go bhfuil an pobal ag iarraidh cúraimí.

Níl mé ag cur ceiste go pearsanta ach ag cur ceiste ar an Aire Stáit ag a bhfuil na cúraimí ó thaobh na reachtaíochta agus ó thaobh an róil a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an tAire Stáit ag cur comharthaí ceiste faoi na cúraimí fiontraíochta atá ag Údarás na Gaeltachta? Cuirfidh mé i gcuimhne don Aire Stáit an méid a dúirt sé agus é ag plé na ceiste seo leis an iar-Aire ag tús na bliana. Dúirt sé go raibh an Rialtas ag cleasaíocht leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus leis na hoileáin. Dúirt sé sin nuair a bhí sé ag caint faoi chúraimí fiontraíochta a bheith ag Údarás na Gaeltachta agus an comhartha ceiste a bhí ann ag an phointe sin. An bhfuil an Rialtas seo ag cleasaíocht? Cén fáth go bhfuil comharthaí ceiste faoi chúraimí Údarás na Gaeltachta agus cén fáth nach an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil cúraimí fiontraíochta le bheith fágtha ag Údarás na Gaeltachta, mar atá beartaithe sa straitéis 20 bliain agus ag an choiste a raibh an tAire Stáit mar pháirt dó a bhí ag déileáil leis seo nuair a foilsíodh an straitéis?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Maidir leis an toghchán, mar is eol don Teachta, chuir an tAire romham an toghchán siar, cúig bliana a ba ghnách a bheith ann agus cuireadh siar chomh fada agus is féidir gan reachtaíocht go dtí mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chugainn. I láthair na huaire tá an dréacht-reachtaíocht á hullmhú faoi choinne an straitéis a bhrú ar aghaidh. Thug muid go léir tacaíocht don straitéis agus tá lúcháir orm gur thug.

Go dtí go mbeidh an dréacht-reachtaíocht socraithe, tá na cúraimí sin go léir ag an údarás i láthair na huaire i bprionsabal ach níl siad aige go praiticiúil mura bhfuil na hacmhainní aige chun na cúraimí a chomhlíonadh.

Mar a fheicim an straitéis ag an phointe seo, agus an-chuid oibre curtha istigh inti, saghas léarscáile atá inti. An job atá le déanamh agam, ag an Roinn agus ag an Rialtas ná na bóithre cearta a dhéanamh amach go rachaimid sa treo ceart. Níl mé sásta bóthar a thógáil ar chaorán, níl mé sásta ach bóthar a thógáil ar thalamh crua, bóthar a mhairfeas. Nuair a chuirfear an dréacht-reachtaíocht i láthair na Dála, beidh sé soiléir cad iad na cúraimí a bheidh ar an údarás. Tá cúraimí breise molta sa straitéis don údarás ach is é an job atá le déanamh ag an Rialtas anois ná breathnú cad é an dóigh fearr leis na prionsabail seo agus an aisling seo a chur i bhfeidhm. Go dtí go bhfuilimid socair inár n-intinn féin, sin mar a bheidh sé.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil reachtaíocht á hullmhú leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Cuirfidh mé i gcuimhne dó cad é atá ann sa straitéis. Go soiléir, beidh cúraimí fiontraíochta á gcoinneáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil reachtaíocht á hullmhú leis sin a chur i bhfeidhm ach níl sé in ann a rá go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta. Tuigimid uile go bhfuil géarghá le níos mó airgid chaipitil ag Údarás na Gaeltachta, luaigh an tAire Stáit sin nuair a bhí sé féin in a bhall den fhreasúra. Tuigimid fosta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cruthú 1,000 post gach bliain ar fud na nGaeltachtaí agus go bhfuil na comhlachtaí atá ag fáil tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta ag cur isteach €1.5 billiún sa gheilleagar gach bliain. Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ann ach tuigimid fosta go bhfuil sé go soiléir sa straitéis, go dubh agus bán, rud nach bhfuil an tAire Stáit toilteanach a rá inniu, go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta.

Má tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil an Rialtas ag ullmhú reachtaíochta teicniúla, ceart go leor, táimid uilig ar chúl fís na straitéise ach níl an Rialtas seo ar chúl fís na straitéise mura bhfuil sé in ann a rá go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údaras na Gaeltachta mar sin ceann de na páirteanna atá sa straitéis go dubh agus go bán. Chreid pobal na Gaeltachta, nuair nach raibh sin ann sa dréacht-straitéis go dubh agus go bán, go bhfuair siad isteach é sa straitéis a foilsíodh. An féidir leis an Aire Stáit an comhartha ceiste sin a bhaint as an ábhar agus a rá go bhfuil sé ag seasamh leis an straitéis, go háirithe an pointe sin faoi chúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta, atá ag cruthú 1,000 post sa Ghaeltacht gach bliain agus ag tacú leis an gheilleagar le €1.5 billiún ó na comhlachtaí lena dtacaíonn an t-údarás?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé léirithe ag an Rialtas go bhfuil sé taobh thiar den straitéis seo a chur i bhfeidhm chomh fada agus is féidir. Tá sin luaite i bpolasaí an Rialtais a foilsíodh. Brathann sé go léir ar an reachtaíocht, atá riachtanach, mar a aithnítear sa straitéis, go gcuirfear i bhfeidhm na cuspóirí atá sa straitéis. Caithfimid fanacht go dtí go bhfuil an reachtaíocht sin réidh le cur os comhair na Dála. Idir an dá linn, tabharfaimid an tacaíocht is mó gur féidir linn d'Údarás na Gaeltachta. Mar Theachta Dála ó cheantar Ghaeltachta, tuigim cé chomh tábhachtach agus atá ról an údaráis ó thaobh fostaíochta de. Ní dhéanfaidh mé dearmad air sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ag éisteacht leis an Aire Stáit, is léir go bhfuil an dearcadh sórt pick and mix ag an Rialtas, go roghnófar rudaí áirithe as an straitéis 20 bliain agus go bhfágfar rudaí eile ar leataobh. An cheist atá agam ná an bhfagfar feidhmeanna fostaíochta agus fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta; deir an straitéis go soiléir go bhfágfar. Ón bhfreagra a thug an tAire Stáit, tuigim go bhfuil sé go báúil é féin dó sin. Sin ceann de na gearáin atá agam: go bhfuil Áire sóisearach i mbun na Gaeltachta seachas Aire sinsearach. Tá sé tuillte ag an Aire Stáit bheith ina Aire sinsearach.

Tá a fhios agam go bhfuil cuid den Státchóras gur maith leo feidhmeanna fiontraíochta a bhaint den údarás. An bhfagfar nó nach bhfágfar feidhmeanna fostaíochta ag an údarás?

4:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ón méid atá ráite ag an Aire Stáit le 20 bomaite anois go bhfuil seans ann go mbeidh cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta fágtha ag Údarás na Gaeltachta ach go bhfuil seans ann fosta nach mbeidh agus go gcaithfimid fanacht go dtí go bhfoilseofar an reachtaíocht ag tús na bliana. Níl sin inghlactha agamsa agus tá a fhios ag an Aire Stáit go maith nach mbeidh sin inghlachta ag pobal na Gaeltachta ach oiread.

Ceann de na ceisteanna atá agam ná caidé a thiocfaidh amach taobh istigh de sé mhí ó thaobh na straitéise a chur i bhfeidhm? Phlé muid scéim labhairt na Gaeilge ar na meáin ar maidin. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas scéim úr a chur ar bun in áit scéim labhairt na Gaeilge i mhí Mheán Fómhair agus an bhfuil se i gceist go mbeidh an airgead atá á shábháil ag an Rialtas, siocair deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge, in úsáid fá choinne an scéim úr seo? An mbeidh scéim úr i bhfeidhm i mhí Mheán Fómhair nuair a stopann scéim labhairt na Gaeilge agus an mbeidh muid ag cur an airgid céanna, ar a laghad, isteach sa scéim úr sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is fíor go bhfuil deireadh á chur le scéim labhairt na Gaeilge i mbliana agus gur seo an bhliain dheireannach don scéim reatha. Tá comhráití agus díospóireacht ar siúl agus pleananna á phlé sa Roinn i láthair na huaire le scéim oiriúnach a chur ar fáil a bheidh níos éifeachtaí ó thaobh na Gaeilge de ná an scéim a bhí ann go dtí seo. Dá mbeadh ag éirí leis an scéim a bhí ann go dtí seo, is cinnte nach mbeadh na deacrachtaí ann maidir le cainteoirí dúchais i ngach Gaeltacht agus atá ann i láthair na huaire, nuair atá a líon ag ísliú agus daltaí ag teacht ar scoil gan an Ghaeilge mar chéad theanga acu. Bheinn ag súil go mbeidh plean de chineál éigin ar bun don chéad scoilbhliain eile. B'fhéidir nach mbeidh sé bunaithe ar an scoil, mar a bhí an sean plean, ach b'fhéidir go mbeidh sé bunaithe ar na teaghlaigh a tholaíonn a gclann a thógáil le Ghaeilge ón lá a thagann siad ar an saol. Sin atá muid ag iarraidh. Muna féidir linn é sin a fháil sna ceantair Gaeltachta, is beag difear a bheid idir na teaghlaigh sin agus teaghlaigh taobh amuigh den Ghaeltacht a fhoghlaimíonn an Ghaeilge de réir mar a théann siad ar aghaidh. Caithfimid díriú isteach anois ar chosaint a thabhairt do chainteoirí dúchais, cainteoirí dúchais a chruthú, an teanga a chothú agus an slabhra sin a choinneáil beo gan bhriseadh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá ceist eile agam a thacaíonn leis an Aire Stáit. Bhí aimhreas ormsa i gcónaí faoi scéim labhairt na Gaeilge mar tá sé ró-dheireannach ag cúig nó sé bliana d'aois nós teanga teaghlaigh a athrú. D'fhág muid an scéim ann mar nach raibh socruithe cuí déanta le déanamh cinnte go bhféadfadh linn díriú ar na gasúir nuabheirthe. Go deimhin, bhí oifigeach de chuid na Roinne a déarfadh go mba cheart tosú sna discos, nuair a chasann an cúpla le chéile. Dúirt ball de Pháirtí Fhine Gael ar maidin go mba cheart an airgead a chaitheamh sna scoileanna. Bhí easpa tuisceana iomlán ar an mball sin, an chomhairleoir "Cosaí" Mac Gearailt, faoi bhunús scéim labhairt na Gaeilge, mar is ag caint le scoileanna a bhí sé faoi theaghlaigh lán-Ghaeilge a bhí i scéim labhairt na Gaeilge.

Tacóidh mé leis an Aire Stáit go hiomlán más rud é gurb é an leasú a chuireann sé ar an scéim ná tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le ghasúir nuabheirthe ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga an teaghlaigh. Más sin an leasú a dhéanfar ar an scéim, táim leis an Aire Stáit. Má thógtar ón teaghlach é agus má dhírítear ar an scoil é, beidh mé in aghaidh an Aire Stáit, mar ní shin an chríoch ná an aidhm a bhí leis an scéim riamh. An rud is géire a theastaíonn sa Ghaeltacht ná gasúir ag a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an teaghlaigh. Tá súil agam gur féidir leis an Aire Stáit a dhearbhú anseo inniu go bhfuil an €700,000 a bhí i gceist leis an scéim seo curtha ar leataobh le haghaidh na scéíme nua.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ar an ábhar céanna, tacaím leis an Aire Stáit fosta maidir leis an scéim úr. Tá súil agam go mbeidh an scéim úr i bhfeidhm agus í bunaithe ar na prionsabail a luaigh an Aire Stáit, mar tá athstruchtúr de dhíth ar an scéim. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil súil aige go mbeidh scéim úr ann. Muna mbeidh an scéim úr i bhfeidhm - b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí sa Roinn an scéim úr a chur i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana - an mbeidh an tAire Stáit sásta síneadh a thabhairt do scéim labhairt na Gaeilge go dtí go mbeidh an scéim úr i bhfeidhm?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an cinneadh déanta maidir leis an scéim reatha a bhí ann go dtí seo. Aontaím leis an chuid a bhí le rá ag an Teachta. Bhí mé i mo mhúinteoir scoile mé féin sul ar tháinig mé anseo agus chonaic mé mar a bhí scéim labhartha na Gaeilge ag oibriú. Bhí an chontúirt ann i gcónaí go raibh sí ró-cheangailte leis an Ghaeilge sa scoil in áit leis an Ghaeilge sa teaghlach. Aontaíonn achan duine dúinn anois nár éirigh leis an scéim na cuspóirí a bhí aici a chur i bhfeidhm, sé sin, cainteoirí dúchais a chur ar fáil. Tá difear idir buachaill nó cailín a thagann ar scoil ag ceithre, cúig nó sé bliana d'aois agus teanga amháin acu agus an Ghaeilge a fhoghlaim ansin agus an dalta a thagann ar scoil a bhfuil an Ghaeilge aige nó aici ón gcliabhán.

An scéim a ba mhaith liomsa a fheiceáil ná an scéim atá á phlé agus a bhfuil tuairimí ag teacht isteach fúithi. Tá dóchas agam go mbeidh scéim de chineál éigin againn nuair a thosaíonn an scoilbhliain úr agus go mbeidh muid ábalta cuidiú de chineál éigin a thabhairt do theaghlaigh a chineann a gclann a thógáil le Gaeilge. Sin an easnamh mór atá ann. Má éiríonn linn sin a dhéanamh, beidh lúcháir orainn uilig go dtáinig an t-athrú ó scéim amháin go dtí scéim úr. Tá seo á phlé, ach níl sé socraithe go fóill. Is furasta rud a shocrú agus an socrú mícheart a dhéanamh. Nílim i m'Aire Stáit sa Roinn ach le cúpla seachtain agus níor mhaith liomsa léimt isteach agus go mbrisfeadh an oighear faoi mo chosa. Ba mhaith liom an rud cheart a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge, ó thaobh na gcainteoirí dúchais agus ó thaobh na Gaeltachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú go bhfuil an €700,000 curtha ar leataobh fá chuige sin?