Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 6, 14 agus 22 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá sé molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a ritheann ó 2010 go 2030, go mbunófaí údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Tabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis chomh fada is a bhaineann sé leis na spriocanna indéanta atá molta ann a sheachadadh, mar atá luaite go sonrach sa chlár Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáil i mo Roinn i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta agus táthar ag súil go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá conradh an phríomhfheidhmeannaigh ghníomhaigh ar an údarás i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana seo. Déanfar cinneadh maidir le príomhfheidhmeannach nua a cheapadh ar an údarás i gcomhthéacs na n-athruithe eagraíochtúla a eascróidh as an dréacht-reachtaíocht thuasluaite.

Faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh na chéad toghcháin eile d'Údarás na Gaeltachta le reáchtáil faoin 1 Deireadh Fómhair 2012. Beidh an cás maidir leis na chéad toghcháin eile á bhreithniú i gcomhthéacs na dréacht-reachtaíochta fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.