Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

2:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)

Guím gach rath ar an Aire Stáit sa phost nua atá aige mar duine as mo pharóiste féin. Tá cúpla ceist shimplí ó thaobh na gcúraimí a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios againn faoin reachtaíocht agus faoin spriocdáta toghcháin atá ann. Chuir an Rialtas deireanach síneadh leis sin ach ba mhaith linn cinneadh dearfach, cinnte ón Rialtas nua nach gcuirfear síneadh eile leis sa reachtaíocht agus go mbeidh an toghchán ar a laghad ar an dáta sin, nó fiú taobh istigh den téarma atá leagtha síos. Is féidir leis an Rialtas seo anois síneadh a chur leis an reachtaíocht lena chur níos faide siar ná 2012. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas go mbeidh sé taobh istigh den seal ama atá leagtha síos?

Ó thaobh phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta de, seo cinneadh dearfach a thiocfadh leis an Rialtas a dhéanamh ná príomhfheidhmeannach a cheapadh sa dóigh is nach bhfuilimid ag dul ón áit ina bhfuilimid faoi láthair suas go dtí 2012 gan cheannasaíocht mar is ceart ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Cuireadh cúpla ceist le chéile anseo so caithfidh mé iad a phlé go mion. Chuir muid ceist faoin ról atá ag Údarás na Gaeltachta amach anseo. Bhí ceist shimplí curtha síos ag an Teachta Dála a labhair romham faoi cheisteanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta. Níor chuala muid go fóill an tAire Stáit ag rá go mbeadh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta. Chuir mé féin ceist an gcuirfidh an Rialtas an straitéis 20 bliain i bhfeidhm. Tá sé ráite go soiléir sa straitéis sin go bhfuil cúraimí fiontraíochta le bheith ag Údarás na Gaeltachta agus tá a fhios againn go bhfuil an pobal ag iarraidh cúraimí.

Níl mé ag cur ceiste go pearsanta ach ag cur ceiste ar an Aire Stáit ag a bhfuil na cúraimí ó thaobh na reachtaíochta agus ó thaobh an róil a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an tAire Stáit ag cur comharthaí ceiste faoi na cúraimí fiontraíochta atá ag Údarás na Gaeltachta? Cuirfidh mé i gcuimhne don Aire Stáit an méid a dúirt sé agus é ag plé na ceiste seo leis an iar-Aire ag tús na bliana. Dúirt sé go raibh an Rialtas ag cleasaíocht leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus leis na hoileáin. Dúirt sé sin nuair a bhí sé ag caint faoi chúraimí fiontraíochta a bheith ag Údarás na Gaeltachta agus an comhartha ceiste a bhí ann ag an phointe sin. An bhfuil an Rialtas seo ag cleasaíocht? Cén fáth go bhfuil comharthaí ceiste faoi chúraimí Údarás na Gaeltachta agus cén fáth nach an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil cúraimí fiontraíochta le bheith fágtha ag Údarás na Gaeltachta, mar atá beartaithe sa straitéis 20 bliain agus ag an choiste a raibh an tAire Stáit mar pháirt dó a bhí ag déileáil leis seo nuair a foilsíodh an straitéis?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.