Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá ceist eile agam a thacaíonn leis an Aire Stáit. Bhí aimhreas ormsa i gcónaí faoi scéim labhairt na Gaeilge mar tá sé ró-dheireannach ag cúig nó sé bliana d'aois nós teanga teaghlaigh a athrú. D'fhág muid an scéim ann mar nach raibh socruithe cuí déanta le déanamh cinnte go bhféadfadh linn díriú ar na gasúir nuabheirthe. Go deimhin, bhí oifigeach de chuid na Roinne a déarfadh go mba cheart tosú sna discos, nuair a chasann an cúpla le chéile. Dúirt ball de Pháirtí Fhine Gael ar maidin go mba cheart an airgead a chaitheamh sna scoileanna. Bhí easpa tuisceana iomlán ar an mball sin, an chomhairleoir "Cosaí" Mac Gearailt, faoi bhunús scéim labhairt na Gaeilge, mar is ag caint le scoileanna a bhí sé faoi theaghlaigh lán-Ghaeilge a bhí i scéim labhairt na Gaeilge.

Tacóidh mé leis an Aire Stáit go hiomlán más rud é gurb é an leasú a chuireann sé ar an scéim ná tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le ghasúir nuabheirthe ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga an teaghlaigh. Más sin an leasú a dhéanfar ar an scéim, táim leis an Aire Stáit. Má thógtar ón teaghlach é agus má dhírítear ar an scoil é, beidh mé in aghaidh an Aire Stáit, mar ní shin an chríoch ná an aidhm a bhí leis an scéim riamh. An rud is géire a theastaíonn sa Ghaeltacht ná gasúir ag a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an teaghlaigh. Tá súil agam gur féidir leis an Aire Stáit a dhearbhú anseo inniu go bhfuil an €700,000 a bhí i gceist leis an scéim seo curtha ar leataobh le haghaidh na scéíme nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.