Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an cinneadh déanta maidir leis an scéim reatha a bhí ann go dtí seo. Aontaím leis an chuid a bhí le rá ag an Teachta. Bhí mé i mo mhúinteoir scoile mé féin sul ar tháinig mé anseo agus chonaic mé mar a bhí scéim labhartha na Gaeilge ag oibriú. Bhí an chontúirt ann i gcónaí go raibh sí ró-cheangailte leis an Ghaeilge sa scoil in áit leis an Ghaeilge sa teaghlach. Aontaíonn achan duine dúinn anois nár éirigh leis an scéim na cuspóirí a bhí aici a chur i bhfeidhm, sé sin, cainteoirí dúchais a chur ar fáil. Tá difear idir buachaill nó cailín a thagann ar scoil ag ceithre, cúig nó sé bliana d'aois agus teanga amháin acu agus an Ghaeilge a fhoghlaim ansin agus an dalta a thagann ar scoil a bhfuil an Ghaeilge aige nó aici ón gcliabhán.

An scéim a ba mhaith liomsa a fheiceáil ná an scéim atá á phlé agus a bhfuil tuairimí ag teacht isteach fúithi. Tá dóchas agam go mbeidh scéim de chineál éigin againn nuair a thosaíonn an scoilbhliain úr agus go mbeidh muid ábalta cuidiú de chineál éigin a thabhairt do theaghlaigh a chineann a gclann a thógáil le Gaeilge. Sin an easnamh mór atá ann. Má éiríonn linn sin a dhéanamh, beidh lúcháir orainn uilig go dtáinig an t-athrú ó scéim amháin go dtí scéim úr. Tá seo á phlé, ach níl sé socraithe go fóill. Is furasta rud a shocrú agus an socrú mícheart a dhéanamh. Nílim i m'Aire Stáit sa Roinn ach le cúpla seachtain agus níor mhaith liomsa léimt isteach agus go mbrisfeadh an oighear faoi mo chosa. Ba mhaith liom an rud cheart a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge, ó thaobh na gcainteoirí dúchais agus ó thaobh na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.