Dáil debates

Wednesday, 16 December 2009

Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge.

8:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 24: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén clár ama atá i gceist aige i leith an straitéis fiche bliain don Ghaeilge a chur faoi bhráid an Rialtais le haghaidh cinnidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47195/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an dréacht-straitéis foilsithe ag an Rialtas anois agus tá sí curtha os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú. Tuigim go mbeidh an dréacht-straitéis le plé ag an chéad cruinniú eile den chomhchoiste, a bheidh ar siúl i mí Eanáir. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe ag an gcomhchoiste, níl sé ar mo chumas dáta a thabhairt maidir le cén uair a bheidh an dréacht-straitéis curtha os comhair an Rialtais arís le cinneadh críochnúil a fháil ina leith.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra sin a thabhairt dom. Tá fhios agam go bhfuil an dréacht-straitéis os comhair an chomhchoiste ach cuirim i gcás daoine agus eagraíochtaí go dteastaíonn uathu leasuithe a mholadh agus smaointí nua a thabhairt chun tosaigh chun go bhféadtar dul i ngleic leo, mar shampla, daoine atá ag rá go bhfuil an iomarca béime ar an nGalltacht seachas an nGaeltacht, rud a bhí mé ag caint leis an Aire mar gheall ar, agus daoine eile a cheapann go bhfuil an eagraíocht don Ghaeilge atá molta sa Straitéis go bhfuil sé an-chasta.

Tá reachtaíocht geallta le fada chun déileáil le sainmhíniú nua ar cad is Gaeltacht ann, ar theorainneacha na Gaeltachta agus ar chumhachtaí agus feidhmeanna nua d'Údarás na Gaeltachta. Más rud é go mbeidh toghchán ann don Údarás i mbliana, caithfear an scéal a bheith soiléir go luath chun seans ceart a thabhairt do iomaitheoirí agus mar sin de a bheith ullamh. Tá eagla orm nach bhfuil rudaí ag tarlú chomh tapaidh agus is féidir. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go mbeidh lámh ag an pobal sa straitéis seo agus i cur le chéile an dréacht deireanach a bheidh ag an Aire le dul os comhair an Rialtais.

Cén cosán reachtaíochta atá ar aigne ag an Aire chun dul go dtí straitéis deiridh agus an cinneadh Rialtais? Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin? Dar ndóigh beidh roinnt mhaith reachtaíochta ag teastáil. An bhfuil plean agus cosán reachtaíochta ar aigne ag an Aire?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, ní fúmsa atá sé leagan amach don choiste cén chaoi a ndéanfaidh sé a chuid gnóthaí agus is mó tionchair i bhfad a bheadh ag an Teachta ar an gcúram sin ná mise. Tuigim an tábhachtach atá ann go mbeadh deis ag an bpobal ionchur a bheith acu. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, is féidir liom a rá go raibh dhá comhairliúcháin poiblí cheana leis an bpobail i gcoitinne ar fud na tíre agus bhí ionchur nach beag acu go dtí seo. Is ceist don choiste anois cén fhad a thógfaidh sé ag déanamh scrúdú ar seo agus tá mise ar fáil am ar bith go dteastaíonn ón gcoiste dul ar aghaidh leis seo.

Níl aon cheist faoi, ag glacadh leis go gcuirfear straitéis mar é seo os comhair an Rialtais agus má ghlactar leis, go mbeidh gá le reachtaíocht. Tá dhá phíosa reachtaíochta i gceist go bunúsach, siad sin, Acht Údarás na Gaeltachta agus Acht 56. Is faoi sin a rinneadh ainmniú ar na Gaeltachtaí agus beidh leasuithe ag teastáil don dá Acht sin go dearfach má ghlactar leis an straitéis seo. Níl aon cheist ach go mbeidh an reachtaíocht sin le réiteach ach ní féidir liom dul ar aghaidh leis sin go dtí go mbeidh an straitéis deimhnithe

Mar sin, beidh súil agam go leagfaidh an coiste amach roimhe cosán soiléir faoi céard atá i gceist aige siúd a dhéanamh agus go dtiocfaidh sé ar ais agamsa le h-am scála. Beidh mise ar fáil le dul ag an gcoiste. Nuair a bheidh an obair sin déanta, tiocfar ar ais ag an Rialtas gan mhoill agus ansin leanfar leis an gcuid eile den obair a bheidh le déanamh agus beidh dhá phíosa reachtaíochta i gceist.

Idir an dá linn, beidh mé ag fógairt dé hAoine go bhfuil i gceist agam tosú ag déanamh athbhreithnithe iomláine ar na heagraíochtaí pobail bhunaithe Gaeltachta, na heagraíochtaí atá maoinithe ag Údarás na Gaeilge, ag mo Roinn féin agus go deimhin féin, faoin gclár CDP, le go mbeidh siad in oiriúint don cineáil cur chuige comhtháite atá i gceist leis an straitéis seo.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An rud atá ag cur isteach orm ná más rud é nach mbíonn reachtaíocht nua ann i leith an Údaráis, cad a tharlóidh mí Deireadh Fómhair? Tá iachall ar an Aire go mbeadh toghchán ann roimh mhí Deireadh Fómhair. Má tharlaíonn sé sin, chun na toghcháin a chur ar ceall, caithfidh an tAire reachtaíocht a thabhairt isteach ar aon chuma. Ón slí go bhfuil sé ag caint, tá eagla orm nach mbeidh agallamh leathan ag an bpobal i gcoitinne. Cé go raibh caidreamh ann go dtí seo, más rud é go ndéanfar an dul chun cinn is fearr don Ghaeilge, caithfear an iomad daoine-----

Photo of Michael KennedyMichael Kennedy (Dublin North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ta an t-am caite. An féidir leat brostú?

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Déanfaidh mé iarracht brostú. An rud atá i gceist agam ná nach bhfuil an rud seo teann a dhóthain. Ní dhéanfar an dul chun cinn ceart muna ghlacann an tAire greim ceart ar an rud agus é a chur isteach. Ní fiú a rá go mbeidh an dualgas go léir faoin gcomhchoiste. Tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil uaidh an Aire chun go mbeadh an díospóireacht is fearr ann agus go mbeadh an pobal i gcoitinne in ann úinéireachta a thógáil ar an nGaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An rud atá i gceist agam ná go bhfuil mé ag fágáil go hiomlán faoin gcoiste cén chaoi a gcuid gnóthaí a láimhseáil. Níl i gceist agamsa aon chomhairliúcháín poiblí a chur ar bun roimh glacadh leis an straitéis. Is ceist don choiste go hiomlán agus tá súil agam go dtiocfaidh an coiste ar ais agam go fíor luath le mapa bóthar soiléir faoin gcur chuige a bheidh i gceist aige siúd agus an cineáil am scála atá i gceist aige.

Ag dul ar ais ag an Rialtas ansin agus é ag glacfadh leis an straitéis, b'fhéidir le leasuithe air agus sin rud a thiocfaidh aníos, cuirfear in iúl ansin don phobail céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh bunaithe ar an straitéis agus ar an bplé a bheidh againn sa chomhchoiste maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.

Maidir le toghchán an Údaráis, is ceist í seo gur féidir linn a phlé ag an gcomhchoiste. Tá an cheart ag an Teachta go dteastódh reachtaíocht leis an toghchán a chur siar. Ag glacadh leis go ndéanfaidh an chomhchoiste a chuid gnóthaí réasúnta tapaigh, go mbeidh deis agamsa dul ar ais luath san earrach le go nglacfar leis an dréacht straitéis agus é a dheimhniú, agus go n-éireoidh linn an reachtaíocht a réiteach réasúnta tapaigh, b'fhearr na toghcháin a chur siar. Chuige sin, theastódh reachtaíocht. Ba mhaith liom tuairim an coiste an dtiocfadh sé liom nárbh fhiú bord nua Údaráis a thogha faoin sean réimeas agus laistigh de bhliain ina dhiaidh sin bord nua eile a thogha agus go mb'fhearr dúinn aontú ar phíosa reachtaíochta ag cur siar na toghcháin nó dáta deiridh na toghcháin ar feadh bliana eile. Is féidir é sin a phlé sa choiste ach an luí a bheadh agamsa ná, más gá, go gcuirfimid siar toghcháin an Údaráis le go mbeadh sé bliana go leith ag an bord seo ar a mhéid nó rud éigin mar sin agus ansin go mbeadh deis againn an chéad bhord eile a thogha faoi reachtaíocht nua. Níl mé ag rá gurb é sin a dhéanfaidh mé mar éistfidh mé leis na tuairimí atá ag baill an choiste agus, dar ndóigh, is cinneadh don Rialtas é ag deireadh an lae.