Dáil debates
Wednesday, 16 December 2009
Straitéis don Ghaeilge.
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
An rud atá i gceist agam ná go bhfuil mé ag fágáil go hiomlán faoin gcoiste cén chaoi a gcuid gnóthaí a láimhseáil. Níl i gceist agamsa aon chomhairliúcháín poiblí a chur ar bun roimh glacadh leis an straitéis. Is ceist don choiste go hiomlán agus tá súil agam go dtiocfaidh an coiste ar ais agam go fíor luath le mapa bóthar soiléir faoin gcur chuige a bheidh i gceist aige siúd agus an cineáil am scála atá i gceist aige.
Ag dul ar ais ag an Rialtas ansin agus é ag glacfadh leis an straitéis, b'fhéidir le leasuithe air agus sin rud a thiocfaidh aníos, cuirfear in iúl ansin don phobail céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh bunaithe ar an straitéis agus ar an bplé a bheidh againn sa chomhchoiste maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.
Maidir le toghchán an Údaráis, is ceist í seo gur féidir linn a phlé ag an gcomhchoiste. Tá an cheart ag an Teachta go dteastódh reachtaíocht leis an toghchán a chur siar. Ag glacadh leis go ndéanfaidh an chomhchoiste a chuid gnóthaí réasúnta tapaigh, go mbeidh deis agamsa dul ar ais luath san earrach le go nglacfar leis an dréacht straitéis agus é a dheimhniú, agus go n-éireoidh linn an reachtaíocht a réiteach réasúnta tapaigh, b'fhearr na toghcháin a chur siar. Chuige sin, theastódh reachtaíocht. Ba mhaith liom tuairim an coiste an dtiocfadh sé liom nárbh fhiú bord nua Údaráis a thogha faoin sean réimeas agus laistigh de bhliain ina dhiaidh sin bord nua eile a thogha agus go mb'fhearr dúinn aontú ar phíosa reachtaíochta ag cur siar na toghcháin nó dáta deiridh na toghcháin ar feadh bliana eile. Is féidir é sin a phlé sa choiste ach an luí a bheadh agamsa ná, más gá, go gcuirfimid siar toghcháin an Údaráis le go mbeadh sé bliana go leith ag an bord seo ar a mhéid nó rud éigin mar sin agus ansin go mbeadh deis againn an chéad bhord eile a thogha faoi reachtaíocht nua. Níl mé ag rá gurb é sin a dhéanfaidh mé mar éistfidh mé leis na tuairimí atá ag baill an choiste agus, dar ndóigh, is cinneadh don Rialtas é ag deireadh an lae.
No comments