Dáil debates

Wednesday, 17 June 2009

Priority Questions

Nuachtáin Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 28: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun a chinntiú go leanfar d'fhoilsiú an nuachtáin sheachtainiúil [i]Foinse,[/i] an t-aon nuachtán seachtainiúil Gaeilge sa tír; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24035/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé fíor-thábhachtach don teanga agus don tír, dar liom, go mbeadh nuachtán Gaeilge ar fáil. Beidh mé ag casadh le Bord Fhoras na Gaeilge go luath agus beidh mé ag glacadh leis an deis chun é sin a chur in iúl dóibh.

Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh a gcuid gnó a bhainistiú i gceart agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil luach ar airgead á fháil acu. Chomh maith leis sin, tuigfidh an Teachta nach féidir le hAire cur isteach ar phróiseas tairisceana ar aon bhealach.

É sin ráite, tá súil agam go mbeidh Foras na Gaeilge in ann an cheist seo a réiteach I dtreo is go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil gach seachtain dóibh siúd atá á lorg.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

D'éist mé leis an Teachta O'Shea agus é ag déanamh tagairt do na foilsiúcháin Gaeilge a cuirtear ar fáil ag eagraithe an Stáit agus ag bord Stáit lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus is beag duine a léann iad. Ar an lámh eile, tá páipéar seachtainiúil náisiúnta Gaeilge againn agus tá géarchéim - agus muid ag caint - faoi an mairfidh sé nó nach mairfidh sé. Tá an páipéar seo á chur ar fáil le 13 bliain agus tá sé á léamh go rialta gach seachtain ar fud na tíre. Níl aon guarantee againn go mbeidh an páipéar ann ach seachtain amháin eile, deireadh na míosa seo. Chomh fada agus a bhaineann sé linn, d'fhéadfadh deireadh a bheith leis an páipéar sin. An aontódh an tAire liom go bhfuil rud éigin cearr lena gcuid priorities nuair nach féidir leis páipéar seachtainiúil a choinneáil ag dul ar aghaidh ó sheachtain go seachtain - páipéar atá á léamh ag pobal na Gaeilge agus ag scoláirí Gaeilge sna meánscoileanna ar fud na tíre? Ar an lámh eile, tá tuarascála, mar a dúirt an Teachta, á chaitheamh isteach i gciseáin nuair a thagann siad. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire tacaíochth iomlán don pháipéar seo agus nach mbeadh sé ag dul ó lá go lá. Ba mhaith liom go mbeadh leanúnachas ann agus go mbeadh deireadh leis an éiginnteacht.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá me cinnte go n-aontódh an Teachta liom go bhfuil agus go mba ceart go mbeadh Foras na Gaeilge neamhspleách ón Aire ó lá go lá. Tá mé cinnte freisin go n-aontódh sé liom go mba ceart don Fhoras na gnáth rialacha maidir le tairiscintí a leanúint agus iad ag bronnadh conartha. Tá mé cinnte go n-aontódh sé liom nach ceart domsa cur isteach ar córas tairiscintí poiblí, mar dá gcuirfinn isteach air, bheadh mé mícheart ar fad agus is é an Teachta is túisce a sheasfadh suas sa Teach agus a deireadh liom nach bhfuil sé ceart ag aon Teachta ná Aire cur isteach ar thairiscintí poiblí. De réir mar a thuigim ón bhforas, is é an rud atá i gceist ná go ndeachaigh sé amach ar an margadh ag lorg tairisceana. Thairg sé conradh do chomhlacht áirithe agus tá comhráití fós ar bun agus go dtí go mbeidh na comhráití sin thart, ní bheadh sé ceart agamsa cur isteach ar an gcóras tairisceana. Tá mé tar éis a rá, ar bhonn polasaí de, go mba ceart go mbeadh nuachtán Gaeilge ann.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sílim go bhfuil ról níos mó sa cheist seo ag an Aire ná mar a fhógraíonn sé sa Dáil. An aontódh sé liom gurb é an deacracht mór atá ag Foras na Gaeilge ná maoiniú agus acmhainní a chur ar fáil sa dóigh gur féidir leis an bhfoilsiúchán seo dul ar aghaidh? An mbeidh an maoiniú agus na hacmhainní á gcur ar fáil ag an Aire d'Fhoras na Gaeilge sa dóigh gur féidir leis an pháipéar dul ar aghaidh? Is é sin ról an Aire - na hacmhainní agus an maoiniú a chur ar fáil sa dóigh gur féidir linn an ghéarchéim seo a sheacaint.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is é mo thuiscint, nach easpa airgid an fhadhb ar chor ar bith. Tuigim gur séard a tharla ná go ndeachaigh an foras ar an margadh agur gur lorgaíodh tairiscintí suas go teorann áirithe airgid, go ndearna an foras a bhreitiúnas agus go bhfuil comhráití ar bun. Tuigim nach easpa airgid an fhadhb ó thaobh an fhorais de agus níor ardaigh an foras riamh ceist liom maidir le heaspa airgid a bheith mar cnámh spairne.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Laghdaíodh an deontas ó -----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl sé sin fíor. Tiocfaidh mé ar ais leis an eolas cruinn. Ní raibh ísliú ó €400,000 go €300,000 nó cibé figiúr a bhí ráite. An rud a tharla ná, lorg an foras tairiscintí agus chuir sé síleáil le uasmhéid do mhéid na tairiscintí go bhféadfadh comhlacht a fháil. Nuair a rinne an foras scrúdú ar an tairiscint, facthas dó, bunaithe ar an tairiscint a bhí déanta, go mba ceart deontas níos lú ná an uasmhéid a bhféadfadh sé a bhronnadh a bhronnadh. B'shin ceist gnó don fhoras, bunaithe ar na tairiscintí. Bhí an conradh deiridh níos lú na sin. Freisin, bhí sé 16% níos lú ná an tairiscint a rinneadh. Ach is ceist gnó a bhí ansin; ní laghdú deontais a bhí i gceist.