Dáil debates
Wednesday, 17 June 2009
Nuachtáin Gaeilge.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé fíor-thábhachtach don teanga agus don tír, dar liom, go mbeadh nuachtán Gaeilge ar fáil. Beidh mé ag casadh le Bord Fhoras na Gaeilge go luath agus beidh mé ag glacadh leis an deis chun é sin a chur in iúl dóibh.
Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh a gcuid gnó a bhainistiú i gceart agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil luach ar airgead á fháil acu. Chomh maith leis sin, tuigfidh an Teachta nach féidir le hAire cur isteach ar phróiseas tairisceana ar aon bhealach.
É sin ráite, tá súil agam go mbeidh Foras na Gaeilge in ann an cheist seo a réiteach I dtreo is go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil gach seachtain dóibh siúd atá á lorg.
No comments