Dáil debates

Wednesday, 17 June 2009

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

D'éist mé leis an Teachta O'Shea agus é ag déanamh tagairt do na foilsiúcháin Gaeilge a cuirtear ar fáil ag eagraithe an Stáit agus ag bord Stáit lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus is beag duine a léann iad. Ar an lámh eile, tá páipéar seachtainiúil náisiúnta Gaeilge againn agus tá géarchéim - agus muid ag caint - faoi an mairfidh sé nó nach mairfidh sé. Tá an páipéar seo á chur ar fáil le 13 bliain agus tá sé á léamh go rialta gach seachtain ar fud na tíre. Níl aon guarantee againn go mbeidh an páipéar ann ach seachtain amháin eile, deireadh na míosa seo. Chomh fada agus a bhaineann sé linn, d'fhéadfadh deireadh a bheith leis an páipéar sin. An aontódh an tAire liom go bhfuil rud éigin cearr lena gcuid priorities nuair nach féidir leis páipéar seachtainiúil a choinneáil ag dul ar aghaidh ó sheachtain go seachtain - páipéar atá á léamh ag pobal na Gaeilge agus ag scoláirí Gaeilge sna meánscoileanna ar fud na tíre? Ar an lámh eile, tá tuarascála, mar a dúirt an Teachta, á chaitheamh isteach i gciseáin nuair a thagann siad. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire tacaíochth iomlán don pháipéar seo agus nach mbeadh sé ag dul ó lá go lá. Ba mhaith liom go mbeadh leanúnachas ann agus go mbeadh deireadh leis an éiginnteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.