Dáil debates

Wednesday, 17 June 2009

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá me cinnte go n-aontódh an Teachta liom go bhfuil agus go mba ceart go mbeadh Foras na Gaeilge neamhspleách ón Aire ó lá go lá. Tá mé cinnte freisin go n-aontódh sé liom go mba ceart don Fhoras na gnáth rialacha maidir le tairiscintí a leanúint agus iad ag bronnadh conartha. Tá mé cinnte go n-aontódh sé liom nach ceart domsa cur isteach ar córas tairiscintí poiblí, mar dá gcuirfinn isteach air, bheadh mé mícheart ar fad agus is é an Teachta is túisce a sheasfadh suas sa Teach agus a deireadh liom nach bhfuil sé ceart ag aon Teachta ná Aire cur isteach ar thairiscintí poiblí. De réir mar a thuigim ón bhforas, is é an rud atá i gceist ná go ndeachaigh sé amach ar an margadh ag lorg tairisceana. Thairg sé conradh do chomhlacht áirithe agus tá comhráití fós ar bun agus go dtí go mbeidh na comhráití sin thart, ní bheadh sé ceart agamsa cur isteach ar an gcóras tairisceana. Tá mé tar éis a rá, ar bhonn polasaí de, go mba ceart go mbeadh nuachtán Gaeilge ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.