Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

Priority Questions

Deontas Tithíochta.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 72: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh sa Ghaeltacht a chur ar ceal, de barr na ndeacrachtaí a chruthaíonn sé sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16850/09]

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé ar 7 Aibreán 2009 nach mbeadh mo Roinnse ag glacadh le tuilleadh iarratais faoi Scéim Tithíochta Gaeltachta don chuid eile den bhliain seo de bharr líon na n-iarratas a bhí ar láimh ag an am agus méid na ndeontas a bhí ceadaithe cheana féin.

Mar iomlánú ar an gcomhthéacs sin, ní miste dom a mhíniú don Teach go raibh luach €6.1m de dheontais ceadaithe ag mo Roinnse ach gan a bheith íoctha nuair a rinne mé an fógra sin; agus iarratais ar chúnamh suas le €4m idir lámha ag mo Roinnse.

Cé go raibh suim iomlán €5m íoctha amach ag mo Roinnse faoin scéim i 2008, i gcomparáid leis an soláthar €4m a bhí curtha ar fáil don bhliain sin, ba léir — ag féachaint do na cúinsí atá luaite agam — nach mbeadh an soláthar de €2.95 atá ar fáil i mbliana dóthaineach.

Is féidir liom a dheimhniú don Teach, áfach, go ndéanfar próiseáil ar na hiarratais uile atá idir lámha ag mo Roinnse agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais sin sa ghnáth-bhealach.

Chomh maith leis sin, ní miste a lua go bhfuil se tagtha chun solais go bhféadfadh líon beag cásanna a bheith ann ina raibh cead pleanála iomlán faighte ag daoine le haghaidh teach nua a thógáil sa Ghaeltacht nuair a rinneadh an fógra ar 7 Aibreán agus, cé nach raibh iarratas déanta acu, go bhféadfaí a rá go mbeadh siad cáilithe le haghaidh deontais faoi choinníollacha eile na scéime. Sna chúinsí sin, tá socraithe agam go mbeifear sásta, sa tréimhse suas go 15 Meitheamh 2009 amháin, iarratais ar dheontais do thithe nua a bhreithniú ar bhonn eisceachtúil in aon chás inar féidir le hiarratasóir a léiriú go soiléir go raibh cead pleanála iomlán aige/aici ina (h)ainm féin don teach nua atá i gceist ar nó roimh 7 Aibreán 2009. Beidh fógra ina thaobh seo á eisiúint ag mo Roinnse go han-luath.

Ar deireadh, ní miste a lua gur fhógair mé freisin go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim Tithíochta ma Roinne i gcomhthéacs an Phlean 20 bliain don Ghaeilge agus an t-airgead a chuirfear ar fáil do mo Roinnse sna meastacháin do 2010. Cé go raibh suim iomlán €5 mhilliún íoctha amach ag mo Roinnse faoin scéim i 2008, i gcomparáid leis an soláthar €4 mhilliún — d'íoc mé amach €1 milliún breise ag an Nollaig — a bhí curtha ar fáil don bhliain sin, ba léir — ag féachaint do na cúinsí atá luaite agam — nach mbeadh an soláthar de €2.95 milliún atá ar fáil i mbliana dóthaineach.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta, áfach, go ndéanfar próiseáil ar na hiarratais uile atá idir lámha ag mo Roinnse agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais sin sa ghnáth-bhealach. Chomh maith leis sin, ní miste a lua go bhfuil se tagtha chun solais go bhféadfadh líon beag cásanna a bheith ann ina raibh cead pleanála iomlán faighte ag daoine le haghaidh teach nua a thógáil sa Ghaeltacht nuair a rinneadh an fógra ar 7 Aibreán agus, cé nach raibh iarratas déanta acu, go bhféadfaí a rá go mbeadh siad cáilithe le haghaidh deontais faoi choinníollacha eile na scéime. Sna chúinsí sin, tá socraithe agam go mbeifear sásta, sa tréimhse suas go 15 Meitheamh 2009 amháin, iarratais ar dheontais do thithe nua a bhreithniú ar bhonn eisceachtúil in aon chás inar féidir le hiarratasóir a léiriú go soiléir go raibh cead pleanála iomlán aige nó aici ina hainm nó ina ainm féin don teach nua atá i gceist ar nó roimh 7 Aibreán 2009. Beidh fógra ina thaobh seo á eisiúint ag mo Roinnse go han-luath.

Ar deireadh, ní miste a lua gur fhógair mé freisin go ndéanfar athbhreithniú ar scéim tithíochta mo Roinne i gcomhthéacs an phlean 20 bliain don Ghaeilge agus an t-airgead a chuirfear ar fáil do mo Roinnse sna Meastacháin do 2010.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom ar dtús buíochas a thabhairt don Aire as soiléiriú a dhéanamh ar phointe an-thábhachtach ar fad, is é sin gur cuireadh deireadh go tobann agus gan choinne leis an deontas ar an 17 Aibreán. Tá áthas orm go dtuigeann an tAire go raibh daoine a chuir costas mór orthu féin sna Gaeltachtaí le cead pleanála a fháil agus go bhfuil síneadh ama anois go dtí an 15 Meitheamh chun é sin a dhéanamh.

An aontódh an tAire liom go raibh eifeacht mhór leis na deontais seo sa Ghaeltacht mar go raibh an oiread sin daoine ag cur isteach orthu, ní hamháin do tithe úra, ach le feabhsúcháin agus deisiúcháin a dhéanamh ar thithe? An aontódh sé go raibh leas mór á bhaint as na deontais seo ag muintir na Gaeltachta? An aontódh sé chomh maith gur deontas é a bhí ceangailte go dlúth le labhairt na teangan, mar go raibh sé mar choinníol gurb í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh le cáileadh don deontas? An bhfuil an deontas seo ar ceal go sealadach nó an bhfuil an scéim ar fionraí. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a thabhairt ar ais nuair atá an brú seo imithe?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ó thaobh figiúrí de, bhíodh an deontas ag ríocht idir €3.5 mhilliún agus €4 mhilliún sa bhliain. Ansin, tá cupla blian ó shoin, thug mé isteach deontas speisialta aon-uaire le déileáil le fadhbanna a d'éirigh ó thaobh na mná tí agus cúrsaí slándála agus tine, agus chuaigh an t-éileamh suas. Shíl muid nuair a bheadh an obair sin déanta go laghdódh an t-éileamh ar an scéim, ar ais go dtí an áit a mbíodh sé nó níos lú, mar, mar is eol don Teachta go maith, tá riail seacht mbliana maidir le hiarratais. Bhí súil agamsa mar sin, idir an €5 mhilliún anuraidh agus an €3 mhilliún i mbliana — sin meán de €4 mhilliún mar a bhíodh ann cheana — go mbeadh dóthain airgid ann.

Mar a thárla sé, tá éileamh an-láidir ar an scéim faoi láthair. Ciallaíonn sé sin, mar atá ráite ag an Teachta go beacht, nach bhfuil dóthain soláthair agam leis an scéim a choinneáil ar oscailt. Shíl mé mar sin go mb'fhearr déileáil leis na hiarratais atá ar lámha. Má ceadaítear gach iarratas, ach is dóigh nach gceadófar mar ní bheidh gach duine in-cáilithe, ach ag glacadh leis go mbeidh roinnt áirithe nach gceadófar nó nach n-éileofar, tá muid fós ag caint go bhfuil luach dhá bhliain ar a laghad, nó b'fhéidir le cois sin, ar lámha againn de cheadúcháin a bheidh muid ag íoc amach as seo i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus an bhliain dar gcionn. Creidim go bhfuil luach leis an scéim seo, ach, ar ndóigh, tá teorann leis an airgead. Tá go leor rudaí éagsúla le déanamh. Níl sé éasca freastal ar chuile trá.

An cheist dheiridh a chur an Teachta ná céard faoi todhcaí na scéíme. Maidir le todhcaí na scéime, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta ——

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom ligint don Teachta ceist ghairid a chur.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigeann an tAire an deacracht mhór atá ag baint le tógáil ar oileán. An bhféadfadh sé eisceacht a dhéanamh dos na hoileáin? An bhféadfadh sé a dheimhniú dom nach mbeidh aon ró-mhoill le híoc deontais do theach a bhfuil an obair críochnaithe air? Tuigim go bhfuil deacrachtaí agus moilliú ar an Aire i láthair na huaire. An bhféadfadh sé deireadh a chur le sin agus an t-airgead a thabhairt amach nuair atá an obair déanta?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Maidir le íoc amach, níl aon mhoill ar sin. Go deimhin, bhí mé ag breathnú ar fhigiúirí inniu agus chomh fada agus is cuimhin liom, tá leath de dheontas na bliana seo íoctha amach cheana féin. Sin figiúr i bhfad níos airde ná mar a d'íoc muid amach chomh luath seo sa bhliain, go bhfios domsa, le blianta fada.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sin de thoradh an obair a rinneadh anuraidh, b'fhéidir.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé íoctha amach anois. An áit a raibh moill, ná ní raibh ceadacha nua á dhéanamh mar bhí bac ar cheadacha nua caipitil le cúpla mí anuas ón Roinn Airgeadais. Beidh muid ag ceadú na ndeontas, agus sin cúis eile go mb'fhearr stopadh, mar tá riar mór iarratas ar lámha. B'fhearr liomsa na hiarratais sin ar fad a phróiseáil agus an liosta sin a ghlanadh uilig le go mbeidh cinneadh faighte ag gach aon duine an bhfuileadar ceadaithe le haghaidh deontas nó nach bhfuil. Tá iarrtha agam ar oifig na Roinne dlús a chur leis an obair sin, mar creidim má chuireann duine iarratas isteach gur ceart freagra a fháil agus cinneadh a fháil ar an iarratas laistigh de thréimhse réasúnta ama. Tagaim go hiomlán leis an Teachta i dtaobh sin.