Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé ar 7 Aibreán 2009 nach mbeadh mo Roinnse ag glacadh le tuilleadh iarratais faoi Scéim Tithíochta Gaeltachta don chuid eile den bhliain seo de bharr líon na n-iarratas a bhí ar láimh ag an am agus méid na ndeontas a bhí ceadaithe cheana féin.

Mar iomlánú ar an gcomhthéacs sin, ní miste dom a mhíniú don Teach go raibh luach €6.1m de dheontais ceadaithe ag mo Roinnse ach gan a bheith íoctha nuair a rinne mé an fógra sin; agus iarratais ar chúnamh suas le €4m idir lámha ag mo Roinnse.

Cé go raibh suim iomlán €5m íoctha amach ag mo Roinnse faoin scéim i 2008, i gcomparáid leis an soláthar €4m a bhí curtha ar fáil don bhliain sin, ba léir — ag féachaint do na cúinsí atá luaite agam — nach mbeadh an soláthar de €2.95 atá ar fáil i mbliana dóthaineach.

Is féidir liom a dheimhniú don Teach, áfach, go ndéanfar próiseáil ar na hiarratais uile atá idir lámha ag mo Roinnse agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais sin sa ghnáth-bhealach.

Chomh maith leis sin, ní miste a lua go bhfuil se tagtha chun solais go bhféadfadh líon beag cásanna a bheith ann ina raibh cead pleanála iomlán faighte ag daoine le haghaidh teach nua a thógáil sa Ghaeltacht nuair a rinneadh an fógra ar 7 Aibreán agus, cé nach raibh iarratas déanta acu, go bhféadfaí a rá go mbeadh siad cáilithe le haghaidh deontais faoi choinníollacha eile na scéime. Sna chúinsí sin, tá socraithe agam go mbeifear sásta, sa tréimhse suas go 15 Meitheamh 2009 amháin, iarratais ar dheontais do thithe nua a bhreithniú ar bhonn eisceachtúil in aon chás inar féidir le hiarratasóir a léiriú go soiléir go raibh cead pleanála iomlán aige/aici ina (h)ainm féin don teach nua atá i gceist ar nó roimh 7 Aibreán 2009. Beidh fógra ina thaobh seo á eisiúint ag mo Roinnse go han-luath.

Ar deireadh, ní miste a lua gur fhógair mé freisin go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim Tithíochta ma Roinne i gcomhthéacs an Phlean 20 bliain don Ghaeilge agus an t-airgead a chuirfear ar fáil do mo Roinnse sna meastacháin do 2010. Cé go raibh suim iomlán €5 mhilliún íoctha amach ag mo Roinnse faoin scéim i 2008, i gcomparáid leis an soláthar €4 mhilliún — d'íoc mé amach €1 milliún breise ag an Nollaig — a bhí curtha ar fáil don bhliain sin, ba léir — ag féachaint do na cúinsí atá luaite agam — nach mbeadh an soláthar de €2.95 milliún atá ar fáil i mbliana dóthaineach.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta, áfach, go ndéanfar próiseáil ar na hiarratais uile atá idir lámha ag mo Roinnse agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais sin sa ghnáth-bhealach. Chomh maith leis sin, ní miste a lua go bhfuil se tagtha chun solais go bhféadfadh líon beag cásanna a bheith ann ina raibh cead pleanála iomlán faighte ag daoine le haghaidh teach nua a thógáil sa Ghaeltacht nuair a rinneadh an fógra ar 7 Aibreán agus, cé nach raibh iarratas déanta acu, go bhféadfaí a rá go mbeadh siad cáilithe le haghaidh deontais faoi choinníollacha eile na scéime. Sna chúinsí sin, tá socraithe agam go mbeifear sásta, sa tréimhse suas go 15 Meitheamh 2009 amháin, iarratais ar dheontais do thithe nua a bhreithniú ar bhonn eisceachtúil in aon chás inar féidir le hiarratasóir a léiriú go soiléir go raibh cead pleanála iomlán aige nó aici ina hainm nó ina ainm féin don teach nua atá i gceist ar nó roimh 7 Aibreán 2009. Beidh fógra ina thaobh seo á eisiúint ag mo Roinnse go han-luath.

Ar deireadh, ní miste a lua gur fhógair mé freisin go ndéanfar athbhreithniú ar scéim tithíochta mo Roinne i gcomhthéacs an phlean 20 bliain don Ghaeilge agus an t-airgead a chuirfear ar fáil do mo Roinnse sna Meastacháin do 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.